Tuairiscigh
Triomú
Má bhíonn tú amuigh ar an gcósta agus go dtagann tú ar mhíol mór nó ar dheilf nó ar mhuc mhara thriomaithe, bheadh an-suim againn ann. Is féidir leat do thaifead a thuairisciú dúinn anseo agus cuideoidh sé linn an cineál atá faighte agat a chinntiú (más féidir) agus cuirfear an taifead leis na sonraí triomuithe atá bailithe le 28 bliain anuas mar chuid den scéim triomuithe uile-Éireann.
Má bhíonn an t-ainmhí fós beo, cuir glaoch ar do mhaoirseoir áitiúil ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun comhairle a fháil faoin gcur chuige is fearr.
Cuidíonn do thuairiscí go díreach lenár dtuiscint ar an tslí a n-úsáideann na hainmhithe seo ár n-uiscí.