Tá an t-ádh orainn in Éirinn go bhfuil ar a laghad 25 speiceas céiticeach inár n-uiscí, ón muc mhara bheag suas go dtí an t-ainmhí is mó a mhair riamh, an míol mór gorm.
Is speicis imirceacha cuid díobh agus leanann siad an bia, amhail an míol mór dronnach agus an droimeiteach ar an gcósta thiar agus thiar theas, agus bíonn cuid eile cónaitheach ar feadh na bliana in áiteanna áirithe mar Inbhear na Sionainne, áit a bhfuil ar a laghad 145 deilf bholgshrónach ina gcónaí.
Tá an iliomad gnáthóg mhara inár n-uiscí, ó chuanta foscúla amach go dtí an scairbh ilchríochach agus córais chainneon chasta, rud a chuireann áit chónaithe, bheathaithe agus phóraithe ar fáil do gach aon cheann dár 26 speiceas speisialaithe agus dá bharr sin tá uiscí na hÉireann ar cheann de na ceantair is tábhachtaí san Eoraip do chéiticigh.
-
Posted in: Species
An Chaisealóid
Ainm Béarla: Sperm Whale
Ainm Laidine: Physeter macrocephalus
Méid: 11 – 16 m
Aiste Bia: Scuideanna, éisc mhéiseapeileagacha agus ghrinnill
-
Posted in: Species
An Chaisealóid Bheag
An t-ainm Béarla: Pygmy Sperm Whale
An t-ainm Laidine: Kogia breviceps
Méid: 3 – 4.3 m
Aiste Bia: Scuideanna
-
Posted in: Species
An Chráin Dhubh
Ainm Béarla: Killer Whale
Ainm Laidine: Orcinus orca
Méid: Fireannaigh 9 m, baineannaigh 7.9 m
Aiste bia: Ronnaigh, scadáin, bradáin, éisc ghréine, rónta agus mamaigh mhara eile
-
Posted in: Species
An Chráin Dhubh Bhréige
Ainm Béarla: False Killer Whale
Ainm Laidine: Pseudorca crassidens
Méid: 5 - 6 m.
Aiste Bia: Scuideanna agus éisc mhóra chreiche, amhail an tuinnín.
-
Posted in: Species
An Deilf Bhánchliathán-ach Atlantach
Ainm Béarla: Atlantic White Sided Dolphin
Ainm Laidine: Lagenorhynchus acutus
Méid: 2.7 m
Aiste bia: Faoitíní, faoitíní gorma agus scuideanna
-
Posted in: Species
An Deilf Bholgshrónach
Ainm Béarla: Bottlenose Dolphin
Ainm Laidine: Tursiops truncatus
Fad: 2.5 – 3.8 m
Aiste bia: Bradáin, faoitíní gorma, faoitíní, mangaigh
-
Posted in: Species
An Deilf Choiteann
Ainm Béarla: Common Dolphin
Ainm Laidine: Delphinus delphis
Fad: 1.5 – 2.7 m
Aiste Bia: Bolmáin, preabairí, scadáin, lóchrannaigh agus scuideanna
-
Posted in: Species
An Deilf Liath
Ainm Béarla: An deilf liath
Ainm Laidine: Grampus griseus
Méid: 3.2 m
Aiste Bia: Scuideanna, ochtapas agus cudail
-
Posted in: Species
An Deilf Shocbhán
Ainm Béarla: White-beaked Dolphin
Ainm Laidine: Lagenorhynchus albirostris
Méid: 2.4 – 3.1 m
Aiste Bia: Faoitín, colmóir agus miontrosc
-
Posted in: Species
An Deilf Stríocach
Ainm Béarla: Striped Dolphin
Ainm Laidine: Stenella coeruleoalba.
Méid: 2.2 m.
Aiste bia: Miontroisc, faoitíní, saláin agus scuideanna.
-
Posted in: Species
An Droimeiteach
Ainm Béarla: Fin Whale
Ainm Laidine: Balaenoptera physalus
Fad: 21 – 22.5m
Aiste bia: Crilleanna, saláin agus scadain
-
Posted in: Species
An Droimeiteach Beag
Ainm Béarla: Minke Whale
Ainm Laidine: Balaenoptera acutorostrata
Méid: 8.5 – 10 m.
Aiste bia: Saláin, scadáin ghainimh agus scadáin.
-
Posted in: Species
An Mhuc Mhara
Ainm Béarla: Harbour Porpoise
Ainm Laidine: Phocoena phocoena.
Méid: 1.45 – 1.5 m
Aiste bia: Scadáin, saláin, miontroisc agus faoitíní
-
Posted in: Species
An Míol Mór Bán
Ainm Béarla: Beluga Whale
Ainm Laidine: Delphinapterus leucas
Méid: 3.5 – 5.5 m
Aiste bia: Troisc Artacha agus inveirteabraigh
-
Posted in: Species
An Míol Mór Bolgshrónach
Ainm Béarla: Northern Bottlenose Whale
Ainm Laidine: Hyperoodon ampullatus
Fad: 6 – 10 m
Aiste Bia: Scuideanna, scadáin agus inveirteabraigh ghrinnill
-
Posted in: Species
An Míol Mór Ceann Bogha
Ainm Béarla: Bowhead Whale
Ainm Laidine: Balaena mysticetus
Fad: 19 m
Aiste Bia: Euphausiids, amfapóid agus cópapóid
-
Posted in: Species
An Míol Mór Dronnach
Ainm Béarla: Humpback Whale
Ainm Laidine: Megaptera novaeangliae
Méid: 14 – 17m
Aiste Bia: Saláin, scadáin agus crill
-
Posted in: Species
An Míol Mór Gorm
Ainm Béarla: Blue Whale
Ainm Laidine: Balaenoptera musculus
Méid: 21 – 28 m
Aiste bia: Crill
-
Posted in: Species
An Míol Mór Socach Breá
Ainm Béarla: True's Beaked Whale
Ainm Laidine: Mesoplodon mirus
Méid: 5.4 m
Aiste Bia: Scuideanna, roinnt inveirteabrach agus éisc dhomhainmhara
-
Posted in: Species
An Píolótach Fadeiteach
Ainm Béarla: Long finned Pilot Whale
Ainm Laidine: Globicephala melas.
Méid: Fireannaigh 6.7 m, baineannaigh 5.7 m.
Aiste bia: Ronnaigh, freangaigh, scadáin, troisc agus scuideanna.
-
Posted in: Species
Ceartmhíol Mór an Tuaiscirt
English name: Northern Right Whale
Ainm Laidine: Eubalaena glacialis
Méid: 16 m
Aiste Bia: Cópapóid
-
Posted in: Species
Droimeiteach na Saíán
Ainm Béarla: Sei Whale
Ainm Laidine: Balaenoptera borealis
Méid: 15 – 20 m
Aiste Bia: Crill agus cópapóid
-
Posted in: Species
Míol Mór Socach an tSrutha
Ainm Béarla: Gervais Beaked Whale
Ainm Laidine: Mesoplodon europaeus
Méid: 4.6 – 5.2 m.
Aiste Bia: Scuideanna agus éisc dhomhainmhara
-
Posted in: Species
Míol Mór Socach Blainville
Ainm Béarla: Blainville's Beaked Whale
Ainm Laidine: Mesoplodon densirostris
Méid: 4m
Aiste bia: Scuideanna agus scuideanna domhainmhara
-
Posted in: Species
Míol Mór Socach Cuvier
Ainm Béarla: Cuvier’s beaked whale
Ainm Laidine: Ziphius cavirostris
Méid: 5.5 - 7m
Aiste Bia: Scuideanna, crústaigh agus éisc dhomhainmhara
-
Posted in: Species
Míol Mór Socach Sowerby
Ainm Béarla: Sowerbys Beaked Whale
Ainm Laidine: Mesoplodon bidens
Méid: 5.1 – 5.5 m
Aiste bia: Scuideanna agus éisc dhomhainmhara