CAOMHNÚ

Tá leas á bhaint as céiticigh ar feadh na gcéadta bliain chun bia, ola agus bailín a fháil uathu.


Cé go bhfuil seilg míolta móra ag dul ar aghaidh go fóill i dtíortha áirithe, agus á déanamh faoi cheadúnais thráchtála, bhundúchasacha, agus ‘eolaíochta’, ní hí sin an phríomhcheist chaomhnaithe ar chor ar bith. Tá raon leathan bagairtí ag teacht roimh na gcéiticigh ar fud an domhain atá ag athrú go tapa, leithéidí seachghabháil iascaigh, dul in aimhréidh i líonta, an ró-iascach, truailliú (ó thorann, ó cheimiceáin agus ó bhruscar mara) agus scrios gnáthóg. Aithnítear 86 speiceas céiticeach ar domhan, 26 díobh sin in uiscí na hÉireann.

Tá cuid mhaith speiceas ar fud an domhain leochaileach nó i mbaol, tá cuid i mbaol a ndíothaithe, agus tá cuid eile gur beag an líon sonraí ina dtaobh agus is deacair a stádas a mheas dá bharr. Tá caomhnú speicis ar bith ag brath go mór ar mhonatóireacht leanúnach.

Cuidíonn sin le treochtaí, patrúin dáilte agus limistéir thábhachtacha maidir le speicis éagsúla a aithint. Tá an IWDG tar éis scéimeanna amhairc agus triomuithe a reáchtáil ó 1991 i leith, coimeádann sé catalóg aitheantais fhótagrafach agus téann sé i mbun taighde go rialta ar topaicí éagsúla.

Tearmann Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann

Ar an 7 Meitheamh 1991 d’fhógair rialtas na hÉireann gur tearmann míolta móra agus deilfeanna a bhí in uiscí go léir na hÉireann taobh istigh den Chrios Eacnamaíochta Eisiach EEZ), ar shon a thábhachta mar ghnáthóg do mhíolta móra agus do dheilfeanna.

Tháinig sin i ndiaidh mholadh ón IWDG nuabhunaithe. I dtús báire bhí amhras ar dhaoine ach de réir a chéile chuaigh an teachtaireacht go raibh tábhacht le hÉirinn agus go raibh gá le gníomhartha caomhnaithe i dtreis. Anois, tá an IWDG daingnithe san intinn náisiúnta agus tá iarracht á déanamh ag an IWDG é a fhíorú.

READ PUBLICATION

Uiscí uile na hÉireann taobh istigh de EEZ na hÉireann chun a bheith ina thearmann míolta móra agus deilfeanna, ar shon a thábhachta.

Fógairt Tearmainn ag Rialtas na hÉireann, 7 Meitheamh 1991

Reachtaíocht

Tá cosaint ag céiticigh na hÉireann faoi reachtaíocht náisiúnta agus faoi roinnt treoracha agus comhaontuithe idirnáisiúnta a shínigh rialtas na hÉireann.

Tá cosaint ag gach céiticeach faoin Acht um Fhiadhúlra (1976) agus a leasuithe (2000, 2005, 2010 agus 2012). Faoin Acht agus a leasuithe is cion é speiceas faoi chosaint a fhiach nó a ghortú nó cur isteach ar a áit scíthe nó a áit phóraithe nó an áit a scrios (ach amháin faoi cheadúnas).

FAIGH AMACH TUILLEADH

Limistéir Speisialta Chaomhnaithe

In Éirinn, éilítear faoin Treoir maidir le Gnáthóga 1992 den CE mar a thrasuitear faoi na Rialacháin (Gnáthóga Nádúrtha) den CE go ndéantar céiticigh a fhaightear in Éirinn a choimeád ag stádas caomhantais fabhrach. Faoi Airteagal 12 den Treoir, ba cheart cosaint dhian a thabhairt do gach céiticeach taobh istigh den Chrios Eacnamaíochta Eisiach (EEZ).

FAIGH AMACH TUILLEADH

Pleanáil

Tá an IWDG ag cur le dea-phleanáil agus le cur chun cinn gníomhartha caomhnaithe tríd an bpróiseas pleanála. Déanann an IWDG athbhreithniú ar iarratais mhóra phleanála, cois cósta agus amach ón gcósta araon, chun tionchar féideartha ar mhíolta móra agus deilfeanna a mheas.

Déanaimid speicis leochaileacha a aithint agus tugaimid ár dtuairim faoin dóchúlacht go mbeadh tionchar orthu agus molaimid gníomhartha maolaithe.

In athbhreithniú neamhspleách a rinneadh in 2015, léiríodh go raibh tionchar ag an IWDG ar thoradh na dtionscadal i gcás os cionn 95% d’iarratais.

Conservation
Resource Downloadables



These downloads are for members only. If you have a membership, please log in.

If not, you can Purchase a membership here.

Back to Top