Is bealach chun a bheith páirteach san IWDG i do cheantar clárú le grúpa áitiúil atá ann cheana nó ceann a bhunú. Is féidir le hoifigigh an IWDG tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí trí thraenáil a thairiscint in aithint céiticeach agus i bhfreagairt d’eachtraí triomaithe.
Is féidir le gach aon ghrúpa faire áitiúil a bheadh lonnaithe ar an talamh a sceidealú agus imeachtaí a eagrú i gcomhair Lá Náisiúnta Faire Míolta Móra a bhíonn ar bun sa samhradh gach bliain. Is bealach iad na grúpaí áitiúla sin chun gréasán ball agus luchta tacaíochta a chruthú ar féidir leo a bheith gníomhach i scéimeanna triomaithe, amhairc agus oideachais.
Má bhíonn tú ag smaoineamh ar ghrúpa áitiúil a bhunú, téigh i dteagmháil linn agus déanfaimid gach a mbeimid ábalta chun cuidiú leat.
Cén fáth nach mbunófá Grúpa Áitiúil?
is i Sligeach a rugadh Sophie Bresnihan. Tar éis di staidéar a dhéanamh ar an mbitheolaíocht sa choláiste, chuaigh sé ag taisteal an domhain. Tá sí fillte ar Shligeach chun a clann a thógáil i gceantar álainn an Mullaigh Mhóir.
Bhí sí ag iarraidh rud éigin dearfach a dhéanamh chun cuidiú le cosaint an chomhshaoil. Chuaigh sí i dteagmháil leis an IWDG agus bhunaigh sí grúpa áitiúil.
Grúpaí an IWDG
Cuir an cúrsóir os cionn ionad ar an mapa chun sonraí a fháil