MAIDIR LINNE

Bunaíodh an IWDG in 1990 chun scéim amhairc agus scéim tuairiscithe ar thriomuithe in Éirinn a chur ar bun agus chun feachtas a bhunú le huiscí na hÉireann a fhógairt mar thearmann do mhíolta móra agus do dheilfeanna.

Ón am sin ar aghaidh, tá méadú tagtha ar an ngrúpa, ar daoine éagsúla ó chúlraí éagsúla atá ann, agus rud amháin i gcoitinne acu – paisean do chéiticigh agus don chomhshaol muirí.

Martin Sheldrick, Simon Berrow, Oscar Merne (nach maireann) agus Johnny Woodlock ag an gcéad chruinniú den Ghrúpa Faire Míolta Móra agus Deilfeanna in Ollscoil Éireann Chorcaí i Márta 1991

ÁR STAIR

Bunaíodh an IWDG ar dtús ag cruinniú i mí na Nollag 1990 in oifig na Seirbhíse Faisnéise Comhshaoil nua-oscailte (ENFO) i Sráid San Aindriais i mBaile Átha Cliath. Rinne Breandan Price ón nGrúpa Faire Mara sna Sceirí cruinniú a ghairm chun tacaíocht a fháil chun Éire a fhógairt mar Thearmann Míolta Móra agus Deilfeanna. Bhí thart ar 40 duine i láthair ag an gcruinniú agus thacaigh siad leis an moladh tearmann a fhógairt agus d’aontaigh siad grúpa daoine a bhunú a raibh suim acu i Míolta Móra agus Deilfeanna. Toghadh an Dr. Don Cotton mar chathaoirleach.

IWDG 21st Anniversary Review

Reáchtáladh an chéad chruinniú oifigiúil den IWDG i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an Márta ina dhiaidh sin, mar ar cuireadh clabhsúr ar an moladh faoi thearmann agus ar seoladh chuig an Taoiseach ag an am, Cathal O hEochaidh, é.  

Ar an 7 Meitheamh 1991, d’fhógair Rialtas na hÉireann Éire ina tearmann do Mhíolta Móra agus Deilfeanna. B’éacht ar leith a bhí déanta ag an ngupa nuabhunaithe a bhí ann. Tá  iarracht mhór á déanamh ag Lucht Faire na Míolta Móra agus Deilfeanna go mbeadh éifeacht leis an tearmann sin.

WordPress › Error

There has been a critical error on this website.

Learn more about troubleshooting WordPress.