Lá Faire na Míolta Móra 2019

  • Data: Dé Sathairn 24 Lúnasa
  • Am: 14.00 - 17.00
  • Suíomh: Ar fud na tíre

Is comhartha maith do Lá Faire Míolta Móra Uile-Éireann na bliana seo teacht míolta móra agus deilfeanna, amhail an droimeiteach beag agus an míol mór dronnach, chuig cósta na hÉireann. Tá cuireadh á thabhairt duit ag an IWDG a bheith ina gcuideachta i gcomhair faire míolta móra ón talamh ar cheann tíre áitiúil idir 2.00 agus 5.00 pm Dé Sathairn 24 Lúnasa.    

     
Is é is aidhm le lá faire na míolta móra daoine a chur ar an eolas faoin 25 cineál céiticeach (muca mara, deilfeanna agus míolta móra) a taifeadadh go dtí seo in uiscí na hÉireann, trí dheis a thabhairt don phobal cuid de na mamaigh mhara iontacha seo a aimsiú agus a bhreathnú ina dtimpeallacht nádúrtha. Chomh maith leis sin tugann an t-imeacht seo deis do thaighdeoirí an IWDG léargas a fháil ar ghniomhaíocht míolta móra agus deilfeanna timpeall chósta na hÉireann.

Photo credit: Daniela Morgenstern

Beidh an t-imeacht bliantúil uile-Éireann seo, arna eagrú ag an IWDG agus á urrú ag Inis the Energy of the Sea www.seathebeauty.net, oscailte do chách agus saor in aisce. Beidh an faire lonnaithe ar an talamh agus beidh taighdeoirí, díograiseoirí agus lucht faire na míolta, a bhfuil taithí acu, ag stiúradh na n-imeachtaí, agus taispeánfaidh siad duit cén tslí le cuid de na céiticigh is mó a thaifeadtar i bhfarraigí na hÉireann a fhaire agus a aithint.

Ba cheart duit déshúiligh nó scóp aimsithe a thabhairt leat agus a bheith feistithe go cuí i gcomhair na haimsire amuigh. Ní bheidh aon turas báid i gceist agus, ar ndóigh, níl aon chinnteacht ann go bhfeicfidh tú míolta móra nó deilfeanna ag an suíomh a roghnaíonn tú; ach le linn imeacht na bliana seo caite chonacthas míolta móra nó deilfeanna ag 14 as 19 suíomh faire(73.6%). Mar sin, má bhíonn an aimsir oiriúnach ar an lá, beidh seans maith agat fiadhúlra mara suimiúil de chineál éigin a fheiceáil, agus ar an tslí sin beidh tacaíocht á tabhairt agat do chaomhnú na míolta móra agus na ndeilfeanna in Éirinn trína bheith rannpháirteach in Eolaíocht Saoránach.

Déan teagmháil le d’eagraí áitiúil chun tuilleadh sonraí a fháil, más é do thoil é, agus déan iarracht (már bhall) cuidiú le ceannairí na faire ainmhithe a aimsiú, labhairt le daoine a bhfuil suim acu san imeacht, agus cuidiú le cúrsaí páirceála, más féidir leat (féach thíos). Is cuid den tSeachtain Oidhreachta a bheidh i bhFaire Míolta Móra Éireann arís, arna chomhordú ag an gComhairle Oidhreachta www.heritagecouncil.ie agus tá súil againn go mbeidh tú ábalta a bheith linn.

Láthair Ionad Cruinnithe Ceannaire Faire Teagmháil
Ceann Chlochair, Co. Lú Carrchlós Uacht. Phort Oirialla Breffni Martin 087 9145363
Ceann Bhinn Éadair Co. BÁC Carrchlós Bhaile Scadán Conal O’ Flanagan 086 3537900
Cuan Chill Iníon Léinín, Co. BÁC Bóthar Vico Rossa Meade 086 0632081
Ceann Bhré, Co. Chill Mhantáin Pitch & putt Justin Ivory 087 6833898
Baile Chill Mhantáin Carrchlós Black Castle  Ronan Hickey 086 3391142
Rinn Duáin, Co. Loch Garman Teach Solais  Harm Deenen 086 3485013
Ceann Heilbhic, Co. Phort Láirge Carrchlós Ard Heilbhic   Andrew Malcolm 087 7952061
Ceann Dhún dTéide Co. Chorcaí Teach Solais Pádraig Whooley 086 3850568
VDairbhre, Co. Chiarraí Túr Comharthaíochta Cheann Bhreagha Sean O’ Callaghan 085 7764918
Ceann Sratha, Co. Chiarraí Leataobh Páirceála Nick Massett 087 6736341
Ceann Léime, Co. an Chláir Teach Solais Simon Berrow 086 8545450
Ceann Boirne, Co. an Chláir Teach Solais Sandra O’ Donovan 086 6061869
Ceann Dhún Pádraig, Co. Mhaigh Eo Carrchlós Mark Holmes 085 8267733
Ceann an Mhullaigh Mhóir, Co. Shligigh Leataobh Páirceála Sophie Bresnihan 085 8732077
Cnoc Fola, Co. Dhún na nGall Carrchlós Heights Bar Gareth Doherty 086 2223328
Srúibh Brain, Co. Dhún na nGall Túr Brendan Farren 086 2187242
Port Rois, Co. Aontroma Crios Chósta Phort Rois Suzanne Beck 078 34916399
Port Muc, Co. Aontroma Carrchlós Ian Enlander 078 49853549
Bloody Bridge, Co. an Dúin Carrchlós Andy Carden 077 62019160

Tá Faire Míolta Móra Éireann arna urrú ag Inis the Energy of the Sea, ár maoinitheoirí príomha agus tacadóirí Faire Míolta Móra Éireann ón mbliain 2001 i leith.

 

Back to Events

Back to Top