An Chaisealóid

  • Ainm Béarla: Sperm Whale
  • Ainm Laidine: Physeter macrocephalus
  • Méid: 11 – 16 m
  • Aiste Bia: Scuideanna, éisc mhéiseapeileagacha agus ghrinnill
CUR SÍOS:

Tá cuma chearnógach ar an gceann agus glacann sé 1/3 d’fhad an choirp. Is comhartha aitheantais an poll séidte singil atá ar fiar agus casta ar chlé amach chun tosaigh go maith ar an gceann. Tá eite an droma cruinn agus bíonn cnapáin ar thaobh uachtair stoc an eireabaill. Tá cuma rocach ar an gcraiceann ón tsúil go dtí stoc an eireabaill agus dath liath air den chuid is mó. Tá fiacla cónúla sa ghiall íochtair amháin.

IOMPAR:

Déanann siad séideadh 4 m ar airde atá ar fiar ar chlé. Déanann siad tumadh domhain síos níos faide ná 1,000 m chun bia a lorg. Taispeántar bos an eireabaill ag tús an tumtha dhomhain. Ó am go chéile léimeann siad glan as an uisce agus déanann siad ‘spiarphreabadh’ (ceann aníos as an uisce ag féachaint thart timpeall).

IN ÉIRINN:

Bíonn an chaisealóid i ngnáthóga amuigh ar an domhain amach ón gcósta ar feadh na scairbhe ilchríochaí. Fireannaigh lánfhásta is mó a bhíonn ann de bharr theocht an uisce a bheith íseal ach tháinig ar a laghad ceithre bhaineannach i dtír le roinnt scórtha bliain anuas.

Amhairc ar an gcaisealóid 2005 – 2017

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top