Míol Mór Socach Sowerby

  • Ainm Béarla: Sowerbys Beaked Whale
  • Ainm Laidine: Mesoplodon bidens
  • Méid: 5.1 – 5.5 m
  • Aiste bia: Scuideanna agus éisc dhomhainmhara
CUR SÍOS:

Míol mór caol le soc fada caol agus clár baithise cruinn. Tá eite an droma triantánach agus cuartha le bior ar a bharr agus na lapaí beag agus neamhshuntasach. Dhá fhiacail thriantánacha shainiúla leath bealaigh ar an ngiall íochtair ar an bhfireannach. Dath liath dorcha nó donnrua ar an droim agus na cliatháin agus bán faoi. Bíonn coilm go forleathan ar na fireannaigh de ghnáth.

IOMPAR:

Nuair a thagann siad go barr uisce tagann an soc aníos ar uillinn an-ghéar. Amanna léimeann siad as an uisce agus buaileann a n-eireaball. Is féidir leis an gcineál seo dul síos go dtí 1,500 m thar thréimhse 30 nóiméad agus é ag lorg bia.

IN ÉIRINN:

Taifeadadh an speiceas seo den chéad uair i mBá Bhreandáin, Co. Chiarraí in 1864. Is ó thaifid de mhíolta a tháinig i dtír a tháinig an t-eolas is mó atá againn ar an gcineál seo, ach taifeadadh iad ar feadh na bliana amach ón gcósta idir 2015 – 2016 ag an tionscadal fuaime ObSERVE.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top