Striped Dolphin

  • Ainm Béarla: Striped Dolphin
  • Ainm Laidine: Stenella coeruleoalba.
  • Méid: 2.2 m.
  • Aiste bia: Miontroisc, faoitíní, saláin agus scuideanna.
Cur síos:

Deilf shlíoctha, shruthlíneach le soc fada caol agus eite droma chuartha. Ritheann an stríoc shainiúil ón tsúil go dtí an t-anas ar dhá chliathán an choirp, agus stríoc níos giorra ón tsúil i dtreo eite an bhrollaigh. Bán is mó atá ar an íochtar. Tá stríoc liath geal díreach faoi eite an droma.

Iompar:

: Feictear ráthanna móra ag gluaiseacht go tapa agus iad ag éirí de léim as an uisce ag an am céanna. Léimeann siad glan as an uisce go rialta agus d’fhéadfadh sé go dtiteann siad ar a gcliathán. Is féidir go ndéanann siad marcaíocht ar thonn tosaigh bád.

In Éirinn:

Gnáthaíonn deilfeanna stríocacha uiscí amach ón gcósta ar feadh na scairbhe ilchríche ach triomaíonn siad go rialta freisin ar chósta an Atlantaigh. Is beag eolas ar an speiceas seo amach ó chósta na hÉireann ach is dóigh go bhfuil siad i ngar do theorainn thuaidh a raoin.

Amhairc ar an deilf stríocach 1987 – 2016

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top