An Míol Mór Socach Breá

  • Ainm Béarla: True's Beaked Whale
  • Ainm Laidine: Mesoplodon mirus
  • Méid: 5.4 m
  • Aiste Bia: Scuideanna, roinnt inveirteabrach agus éisc dhomhainmhara
CUR SÍOS:

Míol mór sruthlíneach le soc suntasach ag gobadh amach, ceann beagán bolgach, lapaí beaga agus eite droma bheag chuartha suite dhá thrian den bhealach siar ar an droim. Tá péire fiacla ag na fireannaigh gar do bharr an ghéill íochtair. Bíonn dath idir gorm éadrom agus liath éadrom ar an droim agus na cliatháin agus bán faoi.

IOMPAR:

Léimeann sé glan as an uisce ó am go chéile agus bíonn an chuma air go dtaistealaíonn sé i ngrúpaí beaga. Ach an oiread le cineálacha eile míolta socacha, déanann an speiceas seo tumadh domhain chun bia a ghabháil.

IN ÉIRINN:

Tá cuid mhaith dá bhfuil ar eolas faoin speiceas seo bunaithe ar thaifid díobh siúd a tháinig i dtír. Taifeadadh 14 de na míolta sin ar an gcósta thiar ó Dhún na nGall go Corcaigh; rinneadh péire díobh a dhioscadh agus bhí siad ar na chéad chinn ar domhan a bhfuarthas blúirí micreaphlaisteacha <5 mm iontu.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top