An Míol Mór Bán

  • Ainm Béarla: Beluga Whale
  • Ainm Laidine: Delphinapterus leucas
  • Méid: 3.5 – 5.5 m
  • Aiste bia: Troisc Artacha agus inveirteabraigh
CUR SÍOS:

Is é an ceann fásta an t-aon chéiticeach glanbhán ach is féidir go mbíonn dath liath geal ar na laonna. Is cineál téagartha atá ann le ceann cruinneogach suntasach, lapaí leathana, agus gan aon eite droma.

IOMPAR:

Bíonn an cineál seo an-fhiosrach agus sóisialta. Is annamh a dhéanann sé léim ghlan as an uisce ach is féidir leis gluaiseacht go furasta in uisce éadomhain mar gheall ar sholúbthacht a chinn mar nach bhfuil na veirteabraí comhtháite.

IN ÉIRINN:

Is fíorannamh a fheictear an fánaí Artach seo in uiscí na hÉireann, atá i bhfad ó dheas den raon Artach atá acu. Taifeadadh an chéad mhíol amach ó Chliara, Co. Mhaigh Eo i mí Iúil 1948, agus dhearbhaigh an Irish Naturalist’s Journal go raibh an taifead bailí. Níl ach taifead amháin bailíochtaithe ag an IWDG go dáta, agus ó Chuan Dhún Sobhairce, Co. Aontroma an taifead sin i mí Iúil 2015.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top