An Míol Mór Gorm

  • Ainm Béarla: Blue Whale
  • Ainm Laidine: Balaenoptera musculus
  • Méid: 21 – 28 m
  • Aiste bia: Crill
CUR SÍOS:

Seachas méid mhór an speicis seo, tá dath gorm breac ar leith ar chraiceann an ainmhí. Faoi chúinsí áirithe solais bíonn cuma liath ar mhíolta móra chomh maith. Tá siad níos téagartha ná an droimeiteach agus ceann leathan cruinn orthu, eite bhídeach chuartha ar an droim agus bos leathan ar an eireaball. Dath dúghorm atá ar an mbailín.

IOMPAR:

Scaoileann sé séideadh suas le 12 m ar airde nuair a thagann sé go barr uisce.Nuair a thagann sé go barr uisce, bíonn fad a dhroma soiléir agus iad ag rolladh chun tosaigh go dtí go bhfeictear eite an droma.Is annamh a léimeann siad glan as an uisce ach amanna taispeántar bos an eireabaill agus iad ag tumadh. Nuair a bhíonn siad á mbeathú féin, iompaíonn siad ar a gcliathán agus áladh á thabhairt acu aran gcreach.

IN ÉIRINN:

Léiríodh le blianta beaga anuas trí amhairc orthu agus iad a bhrath le córas éisteachta go mbíonn siad amach ón gcósta ar an scairbh ilchríochach le linn an tsamhraidh agus an fhómhair. Meaitseáladh míol amháin le gairid trí fhótagraif den phatrún breac ar a chraiceann le fótagraif as Éirinn, na hAsóir agus an Íoslainn.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top