An Míol Mór Bolgshrónach

  • Ainm Béarla: Northern Bottlenose Whale
  • Ainm Laidine: Hyperoodon ampullatus
  • Fad: 6 – 10 m
  • Aiste Bia: Scuideanna, scadáin agus inveirteabraigh ghrinnill
CUR SÍOS:

Míol mór socach le clár éadain mór cruinn atá níos suntasaí sna fireannaigh lánfhásta. Is sna fireannaigh lánfhásta a bhíonn an soc suntasach agus péire fiacla ar bharr an ghéill íochtair.  Tá eite droma ard chuartha dhá thrian den slí aniar ar an droim agus bíonn cuma bheag agus ubhchruthach ar na lapaí.  Dath donnrua a bhíonn ar an gcorp den chuid is mó ach bíonn sé níos éadroime ar an gclár éadain, ar an soc agus faoi.

IOMPAR:

Is cineál fiosrach atá ann agus tagann siad i ngar do bháid, crochann siad a gceann os cionn uisce chun féachaint thar timpeall nó léimeann glan as an uisce. Fanann siad gan chorraí ar dhromchla an uisce tar éis dóibh tumadh go domhain le linn tréimhse téarnaimh ar feadh thart ar 10 nóiméad sula dtosaíonn siad ag tumadh go domhain arís ag lorg bia síos go 1,400 m.

IN ÉIRINN:

Feictear an cineál seo ó am go chéile amach ón gcósta ar feadh na scairbhe ilchríochaí, áit a mbíonn cainneoin dhoimhne. Tá taifead déanta ar bheagnach 50 ainmhí a tháinig i dtír ar chósta na hÉireann.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top