An Deilf Shocbhán

  • Ainm Béarla: White-beaked Dolphin
  • Ainm Laidine: Lagenorhynchus albirostris
  • Méid: 2.4 – 3.1 m
  • Aiste Bia: Faoitín, colmóir agus miontrosc
CUR SÍOS:

Deilf an-téagartha le soc beag agus eite droma ard chuartha. Tá patrún datha casta orthu le soc bán, liath dorcha ar an droim agus bán fúthu, chomh maith le ball sainiúil ar chruth diallaite taobh thiar den eite droma.

IOMPAR:

Léimeann siad glan as an uisce amanna agus feictear iad i gcuideachta cineálacha eile. er species. Ní minic a dhéanann siad tonnmharcaíocht chun tosaigh ar bháid.

IN ÉIRINN:

Is beag eolais atá ar an gcineál seo in uiscí na hÉireann ach is amach ó chósta thiar thuaidh siar ó chósta Mhaigh Eo agus Dhún na nGall is mó a fheictear iad, mar a mbeifí ag súil le speiceas a mhaireann in uisce fuar na scairbhe ilchríochaí.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

 

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top