Catalóg Aitheantais ó Ghrianghraf Mhíolta Móra na hÉireann
Cliceáil ar íomhá chun í a mhéadú agus chun mionsonraí aitheantais a fheiceáil
Ceann de phríomhaidhmeanna WhaleTrack Ireland is ea íomhánna úsáideacha a fháil de mhíolta móra aonair a chuideodh le hiad a aithint mar mhíolta ar leith (aonáin) trí fhótagraf a ghlacadh dá marcanna buana uathúla agus nádúrtha.
Nuair a ardaíonn míol mór dronnach bosa a eireabaill tugann sé deis grianghraf a ghlacadh d’íochtar na mbos. Is patrún uathúil a bhíonn faoi eireaball an mhíl ar leith sin agus trí íomhá mhaith a ghlacadh ba cheart go mbeimis ábalta an míol mór ar leith a aithint. Is féidir na híomhánna sin a úsáid chun gluaiseachtaí gearr-raoin áitiúla na míolta sin a rianú, agus trínár n-íomhánna a roinnt lenár gcomghleacaithe thar lear, d’fhéadfadh na híomhánna sin a ngluaiseachtaí idirnáisiúnta ar feadh conairí imirce agus ar deireadh a limistéar póraithe a nochtadh.
Cén cineál íomhánna a theastaíonn uainn agus cén cineál fearais a theastóidh uainn?
Is ó bháid den chuid is mó a thógtar grianghraif chun míolta móra a aithint. Tá dúshlán ag baint le híomhá a ghlacadh de mhíol mór a bhíonn ag bogadh, uaireanta go tapa, agus nach mbíonn fonn air comhoibriú leat, ó ardán atá ag bogadh i bhfarraige a bhíonn go minic suaite agus faoi sholas nach mbíonn thar mholadh beirte.
Cliceáil anseo chun teacht ar ár dTreoir chun Iomhánna Usáideacha a Ghlacadh. Seol do chuid íomhánna de mhíolta móra dronnacha agus gorma agus de dhroimeitigh chuig sightings@iwdg.ie ag an ngléine is airde mar JPEG. Má ghlac tú físeán, b’fhéidir go bhféadfaí ScreenGrab ™ a ghlacadh de bhos eireabaill no d’eite dhroma agus é sin a sheoladh chugainn mar PDF nó mar chomhad GIF chomh maith.