Sei Whale

  • Ainm Béarla: Sei Whale
  • Ainm Laidine: Balaenoptera borealis
  • Méid: 15 – 20 m
  • Aiste Bia: Crill agus cópapóid
CUR SÍOS:

Tá corp caol an-sruthlíneach acu. Tá eite an droma an-ard agus cuartha agus biorach.Is comhartha aitheantais an ceann atá cuarta síos.Tá dath dorcha in uachtar orthu agus bán fúthu le bailín liath dorcha.Is féidir go gceapfá gur Droimeiteach na Saíán a bheadh i Míol Mór Mince nó i nDroimeiteach beag.

IOMPAR:

Bíonn séideadh suas le 3 m ar airde acu. Ní chrochann an cineál seo bosa a eireabaill sula dtumann sé agus is annamh a léimeann sé as an uisce.Is féidir go bhfeicfí eite an droma agus an séideadh ag an am céanna, rud a léiríonn go bhfuil siad níos giorra agus eite droma níos airde orthu i gcomparáid leis an Droimeiteach

IN ÉIRINN:

Is beag atá ar eolas faoi Dhroimeiteach an Saíán in uiscí na hÉireann. Tháinig dhá cheann i dtír beo i dTuaisceart Éireann ó 2006 agus chonacthas roinnt bheag díobh amach ó chóstaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Chiarraí ó 2009 i leith.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top