Gailearaí Íomhánna
Cliceáil mionsamhail thíos chun íomhá lánmhéide a fheiceáil
Is deilf an-téagartha atá ann le soc beag, ceann sruthlíneach, eite an droma ard agus cuartha agus stoc an eireabaill láidir. Dath dorcha atá in uachtar agus dath geal in íochtair ach dath liath geal den chuid is mó ar na cliatháin le paiste bán faoi eite an droma agus scead fhlannbhuí shainiúil ar stoc an eireabaill.
Gluaiseann siad go tapa ag an dromchla agus taispeántar an scead fhlannbhuí nuair a bhíonn siad ag tumadh. Léimeann siad glan as an uisce ach is annamh a dhéanann marcaíocht ar thonn tosaigh.
Faightear an speiceas seo amach ón gcósta ar feadh na scairbhe ilchríche thiar agus thiar thuaidh go háirithe. Is annamh a fheictear iad gar don chósta thiar agus thiar ó dheas sna háiteanna a mbíonn tóir ag deilfeanna orthu. Tháinig 19 deilf i dtír le chéile i gCuan Chill Ala, Co. Mhaigh Eo i mí Mheán Fómhair 1994; ba é sin an chéad ócáid a ndearnadh scrúdú iarbháis ar na hainmhithe go léir a tháinig i dtír lena chéile
Amhairc ar an deilf bhánchliathánach Atlantach 1993 – 2014:

