Míol Mór Socach Blainville

  • Ainm Béarla: Blainville's Beaked Whale
  • Ainm Laidine: Mesoplodon densirostris
  • Méid: 4m
  • Aiste bia: Scuideanna agus scuideanna domhainmhara
CUR SÍOS:

Míol mór téagartha le líne shainiúil an ghéill ar chruth “s” breisithe, mar a n-éiríonn an giall íochtair aníos thar an soc, rud atá an-soiléir sna fireannaigh san áit a bhfuil a bpéire fiacla.Tá eite an droma ard agus beagnach ar chruth corráin agus na lapaí beag dá réir.Dath donn is mó atá in uachtar agus ar na cliatháin, ach dath bán atá in íochtar.D’fhéadfadh go mbeadh coilm go forleathan ar na fireannaigh aosta de bharr a gcaidreamh le fireannaigh eile den chineál céanna.

IOMPAR:

Déanann siad tumadh go domhain síos go dtí 1,400 m, éacht a ghlacann 20-50 nóiméad.De ghnáth taistealaíonn siad i ngrúpa beag sóisialta.

IN ÉIRINN:

Níl ach taifead amháin de in uiscí na hÉireann i mí na Bealtaine 2016, gar d’Ardchlár Rocal, mar ar sainaithníodh dhá mhíol shocacha mar mhíolta Blainville, bunaithe ar líne an ghéill agus an dath a chonacthas (Irish Naturalist’s Journal). Níl aon amharc ar an speiceas seo taifeadta, beo ná marbh, bailíochtaithe ag an IWDG go dáta.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top