An Deilf bholgshrónach

  • Ainm Béarla: Bottlenose Dolphin
  • Ainm Laidine: Tursiops truncatus
  • Fad: 2.5 – 3.8 m
  • Aiste bia: Bradáin, faoitíní gorma, faoitíní, mangaigh
CUR SÍOS:

Deilf mhór théagartha le soc gearr dingthe agus eite an droma cuartha. Dath liath gunnamhiotail ar na cliatháin, an droim agus na lapaí. Mar aon le speicis eile, tá sí bán fúithi.

IOMPAR:

Is cineál an-ghníomhach atá ann, a léimeann glan as an uisce go haclaí, snámhann ar bhoghathonnta bád, buaileann an t-eireaball agus fágann an creach gan mothú trí theacht go mear chuig an dromchla. Tá tuairiscí ar ionsaithe bagracha ar mhuca mara, agus bás na muice mara mar thoradh orthu ó ghortuithe inmheánacha de bharr a mbuailte.

IN ÉIRINN:

Sainaithníodh trí phobal éagsúla trí staidéir ghéineolaíochta agus aitheantas fótagrafach in Inbhear na Sionainne, in uiscí an chósta agus san fharraige amuigh. Tuairiscíodh deilfeanna áirithe ó phobal an chósta ag gluaiseacht ar feadh chósta na hÉireann agus fiú ó thuaidh go hAlbain; bíonn pobal na Sionainne ina gcónaí san inbhear agus sa cheantar máguaird, agus is beag eolas atá ar an bpobal san fharraige amuigh.

Amhairc ar an deilf bholgshrónach 2009 – 2019

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top