An Míol Mór Ceann Bogha

  • Ainm Béarla: Bowhead Whale
  • Ainm Laidine: Balaena mysticetus
  • Fad: 19 m
  • Aiste Bia: Euphausiids, amfapóid agus cópapóid
CUR SÍOS:

Is míol an-téagartha atá ann a bhfuil próifíl de chruit dhúbailte air nuair a fheictear ón taobh é. Níl aon eite ar a dhroim, tá lapaí leathana air agus cruth boghach nó stuach sainiúil ar an ngiall uachtair. Tá an poll séidte an-fhollasach ar bharr an chinn. Dath dubh atá ar an gcorp go léir, seachas “bibe” bán sainiúil ar an ngiall íochtair agus banda liath roimh bhos an eireabaill. Tá na plátaí bailíne 4m ar fad, dubh, agus níos faide ná a bhfuil ag aon mhíol eile.

IOMPAR:

Scaoileann siad séideadh ar chruth V 6 m san aer agus taispeánann siad bos a n-eireabaill sula dtumann siad go domhain. Modh scimeála a úsáideann siad chun beathaithe. Is féidir leo briseadh trí leac oighir 20 cm ar thiubhas chun poill anála a chruthú.

IN ÉIRINN:

Déanann sé séideadh 6 m ar fad i gcruth v agus ardaíonn sé a eireaball sula dtumann sé. Modh scimeála a bhíonn aige chun cothaithe. Is féidir leo briseadh trí leac oighir 20 cm ar tiubhas chun poill análaithe a chruthú.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top