An Deilf Choiteann

  • Ainm Béarla: Common Dolphin
  • Ainm Laidine: Delphinus delphis
  • Fad: 1.5 – 2.7 m
  • Aiste Bia: Bolmáin, preabairí, scadáin, lóchrannaigh agus scuideanna
CUR SÍOS:

Deilf bheag shlíoctha le soc caol follasach agus eite droma chuartha. Tá patrún mar a bheadh orláiste ar na cliatháin atá buí gar don cheann agus liath i dtreo an eireabaill. Dath liath dorcha atá in uachtar uirthi ón gceann go dtí eite an droma agus tá sí bán fúithi.

IOMPAR:

Léimeann glan as an uisce go minic agus buaileann an t-uisce lena cliathán. Snámhann siad go minic ar bhoghathonnta bád agus míolta móra. Gluaiseann siad go tapa nuair atá siad á mbeathú féin agus cruinníonn siad mollta iasc ar bharr uisce nuair a bhíonn siad ag ithe.

IN ÉIRINN:

Is iad na deilfeanna is mó a fheictear agus a thagann i dtír in Éirinn. Ó 2011 i leith tá méadú sé huaire tagtha ar an líon a tháinig i dtír, ó 20-40 in aghaidh na bliana go dtí an líon is mó riamh de 118 in 2018. Ní fios go dtí seo an chúis leis an méadú i mbás na deilfe.

Amhairc ar an deilf choiteann 2009 – 2019

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top