Míol Mór Socach Cuvier

  • Ainm Béarla: Cuvier’s beaked whale
  • Ainm Laidine: Ziphius cavirostris
  • Méid: 5.5 - 7m
  • Aiste Bia: Scuideanna, crústaigh agus éisc dhomhainmhara
CUR SÍOS:

Míol mór téagartha le ceann atá beagnach cónach, corp leathan agus eite an droma cuartha agus dea-dhéanta. Tá péire fiacla bioracha ag foirceann an ghéill íochtair sna fireannaigh. Bíonn dathanna éagsúla air, ó dhonn geal go liath dorcha. Bíonn coilm go fairsing ar chorp na bhfireannach, go háirithe thart ar an gceann ó ghortuithe a dhéanann fireannaigh iomaíocha den speiceas céanna.

IOMPAR:

Is féidir leo éirí aníos glan as an uisce nuair a bhíonn siad ag ligean scíthe ar an dromchla. Tumann siad níos doimhne ná aon chéiticeach eile, agus curiarracht de 3,000 m, beagnach, déanta thar thréimhse 137 nóiméad.

IN ÉIRINN:

Fuarthas 23 míol mór Cuvier tagtha i dtír ar chósta Atlantach na hÉireann – eachtra básaithe gan fasach (UME) – idir Lúnasa agus Meán Fómhair 2018, nuair ba ghnáiche 1-2 aonán in aon bhliain ar leith, rud is cúis le hiniúchadh atá ag dul ar aghaidh go fóill.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top