An Chráin Dhubh Bhréige

  • Ainm Béarla: False Killer Whale
  • Ainm Laidine: Pseudorca crassidens
  • Méid: 5 - 6 m.
  • Aiste Bia: Scuideanna agus éisc mhóra chreiche, amhail an tuinnín.
CUR SÍOS:

Cruth toirpéid orthu, le ceann cruinn, eite an droma ard agus cuartha agus lapaí beagán fadaithe. Dath dubh dorcha ar fud an choirp le “bibe” liath éadrom ar an scornach.

IOMPAR:

Is iondúil go seachnaíonn siad báid ach uaireanta déanann siad spiairphreabadh agus léimeann glan as an uisce. Gluaiseann siad i ngrúpaí beaga dlútha a mbíonn suas le 20 ainmhí iontu.

IN ÉIRINN:

Is beag eolas atá ar an speiceas seo, mar nach bhfacthas ach roinnt bheag uaireanta iad amach ón gcósta ar Mhuirbhiochta Porcupine agus ar Bhanc Rocal go príomha le linn an tsamhraidh, agus fuarthas blaosc ón Mhuaidh, Co. Mhaigh Eo in 1967.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top