Gailearaí Íomhánna
Cliceáil mionsamhail thíos chun íomhá lánmhéide a fheiceáil
<img class=”alignnone size-full wp-image-12723″ src=”https://iwdg.ie/cms_files/wp-content/uploads/2019/04/Gervaiss-beaked-whale-featured.jpg” alt=”” width=”550″ height=”482″ https://iwdg.ie/cms_files/wp-content/uploads/2019/04/Gervaiss-beaked-whale-featured-100×88.jpg”>https://iwdg.ie/cms_files/wp-content/uploads/2019/04/Gervaiss-beaked-whale-featured-100×88.jpg 100w” />
Míol slíoctha le soc leathan a luíonn isteach go réidh leis an gceann. Tá eite an droma suite dhá thrian den bhealach siar ar a dhroim agus cruth triantánach uirthi le bior cuartha. Tá na lapaí beaga i gcomhréir leis an gcorp agus is gné shainiúil an péire fiacla triantánacha socraithe ¾ den bhealach ar an ngiall íochtair ar an bhfireannach. Dath liath éadrom atá air den chuid is mó, paiste dubh timpeall ar na súile agus dath bán faoi.
Is beag eolas atá ar an speiceas seo sa domhan. Meastar go ngluaiseann siad i ngrúpaí beaga, cosúil le míolta móra socacha eile, déanann siad tumadh domhain chun cothaithe agus uaireanta léimeann glan as an uisce.
Dearbhaíodh go raibh an speiceas seo in Éirinn nuair a tháinig míol i dtír i gCuan Bhaile Easa Dara, Co. Shligigh in 1989. Slánaíodh an corp agus cuireadh na cnámha in alt a chéile i Músaem Uladh i mBéal Feirste.