An Mhuc Mhara

  • Ainm Béarla: Harbour Porpoise
  • Ainm Laidine: Phocoena phocoena.
  • Méid: 1.45 – 1.5 m
  • Aiste bia: Scadáin, saláin, miontroisc agus faoitíní
CUR SÍOS:

Speiceas an- téagartha le ceann cruinn, eite bheag thriantánach an droma sainiúil agus suite leath bealaigh siar ar an droim agus lapaí gearra mar a bheadh céaslaí uirthi. Dath liath dorcha in uachtar a chumascann le himir níos gile ar an dá chliathán agus bán fúithi. Ceanglaíonn líne liath dhorcha an béal leis na lapaí.

IOMPAR:

Bíonn cuma chúthail de ghnáth uirthi agus seachnaíonn sí speicis eile agus báid. Nuair a thagann sí go barr uisce tumann sí arís ar an bpointe, fiú nuair a bhíonn sí ag snámh go mall. Uaireanta léimeann sí glan as an uisce ach nuair a bhíonn sí á beathú féin bíonn sí an-ghníomhach agus í ag timpeallú a creiche.

IN ÉIRINN:

Is féidir muca mara a fheiceáil go héasca gar don chósta, go háirithe nuair a bhíonn an fharraige socair. Tá siad forleathan go háirithe idir Ceann Bhinn Éadair agus Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, mar ar comhaireadh an líon is mó díobh aon áit in Éirinn le linn suirbhéanna a rinne an IWDG ó bháid.

Amhairc ar an muc mhara 2009 – 2019

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top