An Droimeiteach

  • Ainm Béarla: Fin Whale
  • Ainm Laidine: Balaenoptera physalus
  • Fad: 21 – 22.5m
  • Aiste bia: Crilleanna, saláin agus scadain
CUR SÍOS:

Is míol ollmhór agus sruthlíneach atá ann le ceann biorach (an rostram), eití brollaigh i gcomhréir agus eite droma ard agus cuartha. Tá dathú neamhshiméadrach ar leith air agus an giall íochtair bán ar dheis i gcodarsnacht leis an ngiall íochtair dubh ar clé.

IOMPAR:

Déantar séideadh ard colúnach ar theacht dó go barr uisce ar féidir leis a bheith 7-8 m ar airde. De bharr a mhéide gluaiseann an droim chun tosaigh sula dtaispeántar eite chuartha an droma sula dtumann sé. Is annamh a léimeann siad as an uisce ná a bhuaileann siad bos an eireabaill ar an uisce.

IN ÉIRINN:

Go dtí seo tá 60 droimeiteach ar leith taifeadta i bhfarraigí na hÉireann, ar an gcósta theas den chuid is mó, agus aitheantas fótagrafach á úsáid. Chonacthas roinnt aonán ó bhliain go bliain agus chonacthas cuid díobh an athuair thar thréimhse deich mbliana, amhail an míol ar tugadh “Scar” (FWIRL2) air a chonacthas ar roinnt ócáidí idir Corcaigh agus Port Láirge ó 2005 i leith.

Amhairc ar an droimeiteach 2009 – 2019

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top