An Míol mór dronnach

  • Ainm Béarla: Humpback Whale
  • Ainm Laidine: Megaptera novaeangliae
  • Méid: 14 – 17m
  • Aiste Bia: Saláin, scadáin agus crill
CUR SÍOS:

Dath dubh den chuid is mó le lapaí fada bána atá 1/3 chomh fada leis an gcorp. Bíonn mealláin timpeall ar bharr an chinn. Tá eite an droma beag agus cruth mírialta uirthi agus iomairí altacha ar stoc an eireabaill.

IOMPAR:

Léiríonn an speiceas seo séideadh íseal dosach nuair a thagann sé go barr uisce. Éiríonn sé go minic glan as an uisce agus buaileann sé a lapaí ar an dromchla ach tá cáil air mar gheall ar an gcaoi a gcrochann sé bos an eireabaill agus é ag tumadh.

IN ÉIRINN:

Tá ar a laghad 109 míol mór dronnach ar leith taifeadta in uiscí na hÉireann agus aitheantas fótagrafach á úsáid ó 1999 i leith. Filleann cuid de na míolta seo ar na ceantair chéanna thiar ó dheas bliain i ndiaidh bliana agus taifeadadh cuid díobh thar thréimhse 30 bliain. Taifeadadh cuid eile díobh amach ó Gibraltar, an Ísiltír, an Iorua agus an Íoslainn

Amhairc ar an míol mór dronnach 2009-2018

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top