Déanann an IWDG cur i láthair ag Tionól na Saoránach

Tionól na Saoránach ar an mBithéagsúlacht

Grand Hotel, Mullach Íde 5 Samhain 2022

Tá an t-ádh orainn in Éirinn, go deimhin tá sé de phribhléid againn, go bhfuil bithéagsúlacht shaibhir de speicis mhara againn, amhail míolta móra, deilfeanna, éin fharraige, rónta, siorcanna agus fiú amháin an tuinnín. Tá achar an EEZ (Crios Eisiach Eacnamaíochta) 7 n-uaire níos mó ná an mhórchríoch, agus éagsúlacht gnáthóg mara ann, suas le 350 km amach ón gcósta. Ach tá freagracht ann leis sin. An fhreagracht ár mbithéagsúlacht mhara iontach a riar, a chaomhnú agus a chosaint. Ní dualgas é ár mbithéagsúlacht mhara a chosaint ach freagracht agus deis.

Sa chur i láthair gearr seo, ba mhaith liom 3 smaoineamh a roinnt libh: i dtosach ní mór dúinn eolas a bheith againn, ansin ní mór dúinn comhpháirtíochtaí a chruthú le pobail an chósta agus ar deireadh ní mór dúinn náisiún oileánda a chruthú a mbeidh eolas aige ar an aigéan sa chaoi go mbeidh baint againn le sláinte ár mbithéagsúlachta mara agus cúram á dhéanamh againn di.

 

Tuilleadh Eolais

Is creachadóirí bairr iad cuid mhaith de na speicis sin ar féidir leo sláinte ár n-aigéan a léiriú mar go bhfuil siad ag barr an tslabhra bia mara nó i ngar dó.  Is comhartha farraigí folláine iad pobail fholláine creachadóirí mara. Ach tá eolas de dhíth orainn faoin áit a mbíonn siad, faoin am den bhliain a mbíonn siad ann, agus faoina bhfuil ar siúl acu ann. Tá eolas ag teastáil uainn faoina stádas sláinte agus faoina riachtanais maidir le gnáthóg.

Tá eolas maith againn ar roinnt speiceas agus ar roinnt limistéar a chuireann bonn eolais faoi ghníomhartha caomhnaithe, agus ní mór dúinn gníomhú anois chun cosanta agus feabhsaithe. Mar shampla, tá líon na míolta móra dronnacha ag méadú inár n-uiscí gar don chósta de réir mar atá na pobail ag teacht chucu féin tar éis don duine dúshaothrú a dhéanamh orthu. Tá méadú ag teacht ar líon na dtuinníní gorma agus tá gach seans ann gurb é an t-ardú i dteocht na farraige de bharr an athraithe aeráide agus athrú i ndáileadh na creiche is fearr leo is cúis leis sin.

Ach cad é an stair a bhaineann le flúirse ár gcreachadóirí bairr san fharraige? Níl a fhios againn cén chuma a bhí ar ghnáthóga mara gan mhilleadh.

Cad é an bhonnlíne a dtomhaisfimid rath nó teip ar an gcaomhnú ina haghaidh?

Conas mar atá na bonnlínte sin ag athrú, i saol atá ag athrú agus conas mar a chuirtear bonn eolais lenár gcuspóiri agus straitéisí caomhnaithe?

 

Le heolas na linne is fearr is féidir linn ár mbainisteoirí a chur ar an eolas agus bonn eolais a chur faoi ghníomhartha agus beartais chaomhnaithe. Ceadóidh eolas níos fearr dúinn oibriú i bpáirt leis an earnáil inbhuanaithe amach ón gcósta chun limistéir leochaileacha ar ghá iad a sheachaint le linn pleanála a aithint, agus cabhlaigh a bhíonn ar cuairt a chur ar an eolas faoi cén uair agus cén áit NÁR cheart dóibh a bheith i mbun cluichí cogaidh. Aghaidh a thabhairt ar cheisteanna atá ag éirí aníos, ina measc mianadóireacht domhainmhara atá ag aimsiú fosaithe ar an ngrinneall a bhféadfaí iad a shaothrú.

Ní chiallaíonn sé sin nach ngníomhaímid anois leis an eolas atá cheana againn ach ní mór dúinn an fhianaise a chruinniú le cur ina luí ar pháirtithe leasmhara go bhfuil gníomhartha caomhnaithe riachtanach agus ag obair, tá súil againn.

Iascaireacht agus pobail an chósta

 

Ar an dara dul síos, agus mo leithscéal as athfhriotal mícheart a dhéanamh ar Finding Nemo, “fish are actually food not friends” agus ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil dea-bhail ar ár stoic éisc, go háirithe gar don chósta, agus go bhfuil dea-bhail go háirithe ar éisc fhoráiste.

Ní áirítear éisc fhoráiste i mbainistiú iascaigh faoi láthair mar nach bia don duine atá iontu, ach tá siad riachtanach i gcomhair raon creachadóirí mara. Faightear formhór na n-iasc foráiste taobh istigh dár bhfarraigí críche, a shíneann siar 12 mhuirmhíle ónár gcósta, agus tá ceangal orainne, ní hé an AE, iad a bhainistiú. Is féidir linn socrú a dhéanamh deireadh a chur le trálaeireacht iasc foráiste nó srian a chur uirthi agus iad a fhágáil mar éisc fhoráiste! Ní mór dúinn meas a bheith againn ar éisc fhoráiste mar chomhpháirt riachtanach den éiceachóras agus cinntiú go gcuirimid riachtanais bhia gach creachadóra mara san áireamh inár mbainistiú iascaigh, ní hamháin an duine.

Cuideoidh an t-eolas atá faighte againn, chomh maith le heolas ar fheidhmiú éiceachórais, linn oibriú le pobail chósta agus go háirithe le hiascairí, i spiorad an mheasa, chun stoic éisc a atógáil agus gnáthóga a athchóiriú. Chun é sin a bhaint amach ní mór dúinn comhrá a thosú faoi iascairí a chúiteamh as gan dul ag iascach i limistéir iascaireachta chun cuidiú leis an athchóiriú. Is é sin an tsamhail a mbaintear úsáid aisti ar an talamh nuair a íoctar feirmeoirí as beartais timpeallachta a chur i bhfeidhm, mar sin cén fáth nach bhféadfaí í a chur i bhfeidhm sa chomhshaol mara. D’fhéadfaí an cúiteamh sin a úsáid chun iascairí a chur ag déanamh monatóireachta ar ghníomhartha caomhnaithe, MPAanna (Limistéir Mhara faoi Chosaint) san áireamh.

Tá roinnt scéimeanna píolótacha ag teastáil uainn, mar a gcoinneofar amach gach cineál gníomhaíochta, go háirithe iascaireacht, agus a ndéanfar monatóireacht fhairsing ar an limistéar; cén fad ama a thógfaidh sé chun go dtiocfaidh gnáthóga grinnill chucu féin arís? an dtiocfaidh méadú ar bhithmhais na n-iasc? an ndéanfaidh siorcanna agus roic coilíniú ar an limistéar agus an gcuirfear foráiste ar fáil do dheilfeanna agus do mhuca mara?

Dhéanfaí brabús suntasach ar airgead a n-infheisteofaí i gcosaint agus in atógáil gnáthóg mara, i gcomparáid le pacáistí cúitimh den chineál céanna a dhéanfaí ar an talamh. Tá teacht aniar i gcuid mhaith gnáthóg agus speiceas mara má thugaimid an t-am agus an spás dóibh teacht chucu féin.

 

Tuiscint ar an Aigéan

Ar deireadh tá sochaí a bhfuil inniúlacht ar an aigéan aici de dhíth orainn ionas go dtuigfimid níos fearr an ról atá ag ár n-aigéin i srianadh na haeráide, i leithlisiú carbóin, i soláthar fuinnimh agus iompair, i dtacú le táirgiúlacht agus i bhforbairt na hacmhainneachta.   Áit a mbraithfimid a bheith inár n-oileánaigh agus farraigí saibhre agus feidhmiúla timpeall orainn.

Gan eolas a ghnóthú agus a roinnt, agus meas a thaispeáint do na páirtithe leasmhara go léir a bhfuil freagracht as ár n-aigéin á comhroinnt againn leo, beidh sé deacair dul chun cinn a dhéanamh i gcosaint agus in athchóiriú ár mbithéagsúlachta mara iontaigh timpeall chósta na hÉireann.

Simon Berrow ón IWDG agus Donal Griffin ó Fair Seas ag Tionól na Saoránach ar an mBithéagsúlacht