An Chráin Dhubh (nó an Grampar)

  • Ainm Béarla: Killer Whale
  • Ainm Laidine: Orcinus orca
  • Méid: Fireannaigh 9 m, baineannaigh 7.9 m
  • Aiste bia: Ronnaigh, scadáin, bradáin, éisc ghréine, rónta agus mamaigh mhara eile
CUR SÍOS:

Tá ceann cruinneogach, lapaí leathana ciorclacha agus an eite droma is airde ar an gceann is mó d’fhine na ndeilfeanna, an chráin dhubh. Tá démhorfacht ghnéis ag baint leis an ngrampar, dá bhrí sin is furasta fireannaigh a aithint ó bhaineannaigh de bharr a n-eite 1.8 m ar airde. Tá paistí móra bána sainiúla (“súile”) ar thaobh an chinn chomh maith le “diallait” bhán taobh thiar d’eite an droma. Tá idir bhán ar an mbolg, agus dhubh ar an droim, ar an gcuid eile den chorp.

IOMPAR:

De ghnáth bíonn siad ag gluaiseacht go réidh agus is féidir leo teacht i ngar do shoithigh, léim glan as an uisce agus a lapaí a bhualadh ar an dromchla. Déanann siad spiairphreabadh nuair a bhíonn siad ag lorg bia nó ag déanamh caidrimh le báid.

IN ÉIRINN:

Tá dhá phobal grampair ar eolas: “Grúpa Pobail Iarthar na hAlban” a itheann mamaigh mhara agus grampair a dhéanann caidrimh le trálaeir peiligeacha ar an gcósta thiar thuaidh.

Amhairc ar ghrampair 1977 – 2018

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top