An Píolótach Fadeiteach

  • Ainm Béarla: Long finned Pilot Whale
  • Ainm Laidine: Globicephala melas.
  • Méid: Fireannaigh 6.7 m, baineannaigh 5.7 m.
  • Aiste bia: Ronnaigh, freangaigh, scadáin, troisc agus scuideanna.
CUR SÍOS:

Tá corp téagartha le ceann cruinneogach ag gobadh amach, lapaí fada sainiúla, eite droma chruinn a shíneann siar i gcuar atá níos leithne ar an bhfireannach lánfhásta ná ar an mbaineannach, ar an dara ceann is mó d’fhine na ndeilfeanna. Tá an corp iomlán dubh agus “bibe” liath éadrom ar an scornach.

IOMPAR:

Cineál fiosrach atá ann agus tagann sé go minic i ngar do shoithigh agus déanann spiairphreabadh i ngrúpaí dlútha. Is annamh a léimeann siad glan as an uisce ach feictear iad amanna i gcuideachta deilfeanna bolgshrónacha agus bánchliathánacha.

IN ÉIRINN:

Gnáthaíonn píolótaigh gnáthóga domhainmhara ar feadh Umair Rocal agus na scairbhe ilchríochaí ar feadh na bliana. Is annamh a fheictear an cineál seo gar don chósta agus is de bharr a thriomaithe bheo is mó a fheictear é. Is é an cineál is minice a dtagann slua díobh i dtír in Éirinn ach is féidir iad a shábháil agus a chur ar snámh arís.

Amhairc ar an bpíolótach fadeiteach 1992 – 2017

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FIND OUT MORE

Back to Top