An Droimeiteach Beag

  • Ainm Béarla: Minke Whale
  • Ainm Laidine: Balaenoptera acutorostrata
  • Méid: 8.5 – 10 m.
  • Aiste bia: Saláin, scadáin ghainimh agus scadáin.
CUR SÍOS:

Is gné shainiúil an speicis seo atá le feiceáil i ngar dó faoin uisce na marcanna bána mar a bheadh banda muinchille ar gach aon lapa. Tá ceann biorach air agus eite an droma ar chruth corráin. Tá dath dubh air den chuid is mó agus é bán faoi agus dath an uachtair ar na plátaí bailíne.

IOMPAR:

Fanann an droimeiteach beag glan ar bháid de ghnáth nuair a thagann sé go barr uisce ó am go chéile agus a imíonn go tapa as amharc. Uaireanta bíonn sé fiosrach agus tagann i ngar do shoithigh agus é ag spiairphreabadh (ag crochadh a chinn aníos as an uisce). Is annamh a fheictear a shéideadh ach uaireanta léimeann sé glan as an uisce.

IN ÉIRINN:

Is beag an t-eolas ar an droimeiteach beag ach tagann sé i ngar don chósta san earrach agus fanann ann go dtí an geimhreadh chun é féin a bheathú ar éisc bheaga ag ráthú. Tá beagán fianaise ann go mbeirtear an lao amach ón gcósta sa gheimhreadh

Amhairc ar an droimeiteach beag 2009 – 2019

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top