Ceartmhíol Mór an Tuaiscirt

  • English name: Northern Right Whale
  • Ainm Laidine: Eubalaena glacialis
  • Méid: 16 m
  • Aiste Bia: Cópapóid
CUR SÍOS:

Tá cuma ramhar ar an speiceas seo, le giall uachtair mór cuartha, gan aon eite droma agus bos an eireabaill leathan. Bíonn meallta craicinn garbha buí sainiúla timpeall ar an gceann agus úsáidtear iad le míolta ar leith a shainaithint. Dath dubh atá air den chuid is mó ach amanna bíonn paistí bána faoi. Tá an bailín an-fhada agus dath dubh air.

IOMPAR:

Bíonn cruth V ar an séideadh agus éiríonn sé 5 m san aer. Uaireanta léimeann sé glan as an uisce agus go minic taispeánann sé a eireaball roimh thumadh domhain. Modh scimeála sainiúil a bhíonn aige agus é á bheathú féin.

IN ÉIRINN:

Tá an chuma air go bhfuil an cineál seo díothaithe as uiscí na hÉireann tharla nach bhfacthas aon cheann le beagnach 50 bliain. Is ó oibríochtaí seilge i Maigh Eo ó thús an 20ú haois a tháinig an chuid is mó den eolas atá againn ar an gcineál seo in uiscí na hÉireann.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top