An Chaisealóid Bheag

  • An t-ainm Béarla: Pygmy Sperm Whale
  • An t-ainm Laidine: Kogia breviceps
  • Méid: 3 – 4.3 m
  • Aiste Bia: Scuideanna

CUR SÍOS:

Tá cuma dhingthe ar an gcorp tríd is tríd, ceann cearnógach agus eite droma thriantánach tuairim is ¾ den bhealach aniar ar an droim. Tá fiacla caola bioracha sa ghiall íochtair amháin. Dath liath éadrom atá ar an gcorp ar a dhromchla uachtair agus bán éadrom faoi. Tá “geolbhach bréige” sainiúil ar thaobh an chinn a thugann cuma fhoriomlán siorca dó.

IOMPAR:

Is beag eolais ar an gcineál seo ar fud an domhain. Bíonn siad neamhshuntasach ag an dromchla de bharr iad a bheith ar mhéid bheag, agus ní heol go dtagann siad gar do bháid ach léimeann siad glan as an uisce ó am go chéile.

IN ÉIRINN:

Tá taifead déanta ar dheich gcinn a tháinig i dtír ó 1966 i leith idir Maigh Eo agus Ciarraí, ach tháining aonáin i dtír i Loch Garman agus i mBaile Átha Cliath. D’éirigh leis an IWDG míol amháin a thabhairt leis agus tá a chnámharlach ar taispeáint in Ionad Deilfeanna na Sionainne. Níor chonacthas an speiceas seo beo i uiscí na hÉireann fós.

Eolas mionsonraithe in-íoslódáilte ar speiceas

FAIGH AMACH TUILLEADH

Back to Top