Buaicphointe i dTriomú na Deilfe Coitinne – an líon is airde fós taifeadta ag an IWDG

Tuairisc chun dáta ar an Scéim Taifeadta Triomuithe; Eanáir – Feabhra 2021 

Ó 2011 i leith, tá méadú suntasach tagtha ar an líon triomuithe a tharlaíonn sa gheimhreadh. Is iad na deilfeanna coiteanna is mó a bhí i gceist sna triomuithe sin. Tá tuairisc ag Oifigeach Triomuithe an IWDG, Stephaine Levesque ar na triomuithe le linn an chéad dá mhí de 2021 agus chuir sí na huimhreacha sin i gcomhthéacs.

Idir Eanáir agus Feabhra 2021, fuair an IWDG tuairisc faoi 93 céiticeach a bhí triomaithe agus ocht speiceas éagsúla ina measc. Mar is gnách, bhí an deilf choiteann ar an gceann ba líonmhaire, agus 64 aonán taifeadta go dtí sin. Cé go bhfuil an tréimhse Eanáir go Márta aitheanta ag an IWDG go stairiúil mar an tréimhse is mó a tharlaíonn triomuithe, tá na figiúirí in 2021 ard go maith cheana féin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sna blianta roimhe sin. An t-am seo anuraidh, bhí iomlán de 70 taifead in iomlán faighte ag an IWDG, ina measc 40 deilf choiteann.

Grianghraf 1: Míol mór dronnach fireannach óg triomaithe in iarthar Chorcaí, 24 Feabhra 2021. Grianghraf le Helen Tilson ó Schull Sea Safari

I measc na n-ocht speiceas a taifeadadh go dáta bhí an deilf choiteann, deilf Risso, an deilf bholgshrónach, an deilf stríocach, an mhuc mhara, an píolótach fadeiteach, an míol mór mince (Fíor 1.) agus taifead annamh de mhíol mór dronnach (Grianghraf 1.)

Fíor 1: Speicis thriomuithe a taifeadadh go dáta: deilf bholgshrónach (BND), an deilf choiteann (CD), an deilf stríocach (SD), deilf Risso (RD), an mhuc mhara (HP), an píolótach fadeiteach (PW), an míol mór dronnach (HW), an míol mór mince (MW).

Fíor 2: Líon na dtriomuithe de réir contae

 

 

 

Is dóigh go bhfuil roinnt tosca ann a raibh tionchar acu ar an méadú sna tuairiscí ar thriomuithe, agus cé nach bhfuilimid cinnte cad go díreach is cúis leis sin, ní mór roinnt rudaí a chur san áireamh.

Agus an tír uile faoi dhianghlasáil bhí níos mó daoine ag caitheamh níos mó ama ag siúl ar na cladaí áitiúla le linn bhuaicphointe na tréimhse triomaithe, agus dá réir sin go raibh níos mó tuairiscithe á dhéanamh. Tugtar é sin le fios mar gheall ar níos mó ainmhithe a bheith á n-aimsiú i mbail úr i gcomparáid le blianta roimhe sin, mar go raibh siad á n-aimsiú níos luaithe ná a bhíodh i “ngnáthamanna”. As na céiticigh a tuairiscíodh, bhí 70% rangaithe mar “úr” (Grianghraf 2.) nó “an-úr” (Grianghraf 3) i gcomparáid le 39% an t-am sin anuraidh.

Bhí clúdach an-fhairsing ag an IWDG sna meáin shóisialta le míonna beaga anuas agus seans go raibh níos mó foinn ar dhaoine na triomuithe sin a thuairsciú

Chomh maith leis sin, tá fianaise ann go bhfuil na deilfeanna coiteanna ag gluaiseacht ar scála mór ó uiscí doimhne isteach i dtreo na n-uiscí ar imeall na scairbhe ilchríochaí taobh istigh den Atlantach thoir thuaidh agus tá sé tugtha faoi deara ag Oifigeach Amhairc an IWDG Pádraig Whooley go bhfuil níos mó amharc faighte ar na deilfeanna coiteanna amach ó chósta na hÉireann an geimhreadh seo, agus san áit a mbíonn níos mó deilfeanna is mó an seans go mbeidh níos mó triomuithe.

Grianghraf 2: Conablach na deilfe coitinne rangaithe mar “úr”, Trá an Chromáin, Co. Chiarraí 4/2/2021. Grianghraf le Mary Toomy

Grianghraf 3: Conablach na deilfe coitinne rangaithe mar “an-úr”, Caisleán Ghriaire, Co. Chiarraí 06/02/2021. Grianghraf le Liz Fitzgerald

 

 

 

Grianghraf 4: Deilf choiteann lena heireaball gearrtha de i gCuan Naomh Fhinín, Co. Chiarraí. Grianghraf le Brendan McNamara

I gcás naoi faoin gcéad (9%) de na hainmhithe bhí comharthaí soiléire orthu gur gabhadh iad i dtrealamh iascaireachta, ina measc eireabaill a bhí gearrtha díobh (Grianghraf 4), barra eití an droma gearrtha go glan, gialla briste, agus an chomhartha ba shoiléire, iad in aimhréidh in eangach. Léiríonn siad sin an uimhir ba lú a gabhadh in eangacha mar go mbíonn sé deacair an tseach-ghabháil a aithint nuair nach mbíonn na loit chomh soiléir, nó nuair a bháitear na hainmhithe agus nach mbíonn aon lot le feiceáil.

Níl aon amhras ach go bhfuil triomú na ndeilfeanna coiteanna atá aitheanta ag an IWDG le tamall de bhlianta ag méadú gach bliain, agus ní mór dúinn monatóireacht leanúnach a dhéanamh air. Cé go bhféadfadh sé gur toisc atá sa mhéadú ar líon na dtuairiscí, ní fhéadfadh sé gurb é sin an t-aon chúis amháin, mar go bhfuil an méadú suntasach sin bainteach le speiceas amháin (an deilf choiteann).

Cumhacht na nEolaithe Saoránaigh

Ach is é an dea-scéal go bhfuil líon mór tuairiscí faighte ag an IWDG ó dhaoine ar fud na tíre, agus i gcásanna áirithe ainmhí triomaithe amháin tuairiscithe ag tríocha duine éagsúil. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach aon eolaí saoránaigh a chuireann dua orthu féin chun tuairisc a sheoladh chugainn, agus áitímid oraibh go léir leanúint le bhur n-amhairc agus bhur dtuairiscí ar na triomuithe a sheoladh chuig an IWDG.

Tá taifead á dhéanamh ag an IWDG ar chéiticigh thriomaithe in Éirinn le tríocha bliain anuas, agus is féidir linn treochtaí a aithint ónar mbunachar sonraí cuimistheach, lena n-áirítear an méadú sna deilfeanna coiteanna atá ag teacht i dtír agus cuidiú lenár n-údaráis reachtúla tuiscint a fháil ar na cúiseanna leo.

Ba mhaith linn, freisin, buíochas a ghlacadh le baill Ghréasán Triomuithe na gCéiticeach de chuid an IWDG agus le maoir chaomhnaithe na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a thug cuairt ar 60% de na suíomhanna triomaithe chun sonraí breise a bhailiú (fad, gnéas, etc.) chomh maith le samplaí craicinn a bhailiú don Irish Cetacean Genetic Tissue Bank a choimeádtar i Músaem Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath. Taispeánann sé sin, chomh maith leis an iliomad tuairiscí a fhaighimid ón bpobal, go bhfuil leibhéal ard tiomantais ann do chaomhnú dúlra na mara.
Seol do chuid tuairiscí ar thriomuithe chuig https://iwdg.ie/report-a-stranding/.

Más mian leat níos mó páirte a ghlacadh, smaoinigh ar bhallraíocht a ghlacadh i nGréasán Triomuithe na gCéiticeach trí theagmháil a dhéanamh le Stephanie Levesque ag strandings@iwdg.ie.

Coinnigh súil amach don Aip Fóin Póca nua i gcomhair Triomuithe agus Amhairc a thuairisciú a bheidh ar fáil go luath!

Stephanie Levesque

Oifigeach Triomuithe an IWDG

R-phost: strandings@iwdg.ie