Táimid faoi chúinsí ar leith agus ár saol curth ar athlá de bharr na paindéime Covid-19. Le gach lá a chaitear tá an chuma air go bhfuil rud éigin gránna ag druidim linn, ach ní thuigtear ró-mhaith cén uair ná cén áit agus tá rudaí atá go dona á ndéanamh níos measa. Ambaiste féin, is gníomh lóisticiúil mar a bheadh i scannán uafáis atá ann dul chuig ceann tíre nó chuig ionad caothúil chun faire, ach gurbh iompróirí Covid-19 a bheadh ann in áit na sluaite zombaithe. Tá an bhitheolaíocht agus an éiceolaíocht ag cur i gcuimhne dúinn cé chomh leochaileach atáimid sa láthair ard ina bhfuilimid ar an bpláinéad seo.
Tá comharthaí ann nach fada uainn séasúr na míolta móra 2020, agus sinn ag smaoineamh an mbeimid ábalta dul chun farraige ar chor ar bith sna seachtainí agus sna míonna amach romhain. Cloisimid ónár gcomhghleacaithe sna hAsóir, in Cabo Verde agus sa Mhuir Chairib go bhfuil na báid thráchtála faire míolta móra, atá tábhachtach don taighde, ceangailte le cé, agus tá súil againn nach mbeidh sé sin i ndán dúinne. Ach, ag an bpointe seo, caithimid glacadh leis go mbeidh i bhfad níos mó oibre á déanamh againn ar an ríomhaire deisce ná allamuigh, agus aréir bhí toradh ar an taighde sin maidir le míolta móra dronnacha in Éirinn.
Fuaireamar teachtaireacht r-phoist ó Lindsey Jones i gColáiste an Atlantaigh in Maine, SAM, a choimeádann Catalóg Míolta Móra Dronnacha an Atlantaigh Thuaidh, chun a insint dúinn gur éirigh leo meaitseáil a dhéanamh idir míol mór dronnach ar tógadh grianghraf de coicís ó shin ar an 10 Márta amach ó Boa Vista, Cabo Verde lenár #HBIRL78. Is fionnachtain thábhachtach atá ansin mar go gciallaíonn sé nárbh de thaisme a tháinig Simon Berrow ar HBIRL55 in Aibreán 2019, amach ó chósta Boa Vista.
Mar sin bhí an IWDG ag fanacht ar feadh 16 bliana chun míol mór dronnach “Éireannach” a cheangal le limistéar póraithe aitheanta agus bhí sé tagtha go dtí an pointe nuair nach bhféadfaí aon ainmhí a mheaitseáil le tacar sonraí an Atlantaigh Thuaidh, in ainneoin 11,000 pictiúr de bhosa eireabaill a glacadh anseo in Éirinn. Nuair a ghlac Simon grianghraf de HBIRL55 amach ó Santa Monica ar an 23 Aibreán 2019, ní fhéadamar gan smaoineamh gur ainmhí fánach a bhí ann, ach leis an dara meaitseáil seo le Cabo Verde thabharfaí le tuiscint go raibh an ceart againn iarracht a dhéanamh agus am agus airgead a chaitheamh san oileánra seo.
Go híorónta, rinne an IWDG urraíocht ar eolaí Éireannach dul i bpáirt leis an bhfoireann áitiúil ar Boa Vista ar feadh an tséasúir seo chun cuidiú lena gcuid oibre san aitheantas ó ghrianghraf. B’éigean do John Collins filleadh ar Éirinn le gairid agus féinleithlisiú a dhéanamh, ach is féidir leat cuid dá eachtraí a léamh ag https://iwdg.ie/the-view-from-cabo-verde/. Faraor, agus stop curtha ag Cabo Verde le faire míolta móra agus gan mórán seans ann go ndéanfar tuilleadh oibre allamuigh le linn an tséasúir póraithe seo, b’fhéidir go mbeidh orainn fanacht go dtí 2021 chun breis mheaitseála a aimsiú sa limistéar póraithe in iarthar na hAfraice.
Tógadh grianghraf dár #HBIRL78 den chéad uair ón MV Rebecca C, a raibh Martin Colfer, nach maireann, ina scipéir uirthi ar an 4 Eanáir 2017, 3 mhíle soir ó dheas de Rinn Duáin, Co. Loch Garman. Ceithre lá ina dhiaidh sin, bhí Andrew Malcolm (IWDG) amuigh le Martin agus fuair sé sraith láidir íomhánna den ainmhí seo, ceann díobh agus é ag éirí glan as an uisce (féach íomhá thíos). Ansin, 10 mí níos déanaí, an bhliain chéanna ach tar éis shéasúr na míolta móra, ghlac Rónán McLaughlin, Oifigeach i gCeannas ar an LÉ Orla i gCabhlach na hÉireann, íomhánna breise soir ón Seancheann i gContae Chorcaí ar an 2 Samhain 2017, agus cé nach raibh aon bhos eireabaill i gceist, bhí na híomhánna maithe d’eite an droma (féach thíos) sách maith lena dhearbhú mar amharc eile ar #HBIRL78.
Bhíos ag labhairt le Rónán ar maidin agus é sa bhaile in Newcastle-Upon-Tyne sa Bhreatain leis an dea-scéal a thabhairt dó, agus bhí cuimhne mhaith aige ar an lá. Bhí siad ar inlíochtaí lámhaigh amach ón Seancheann agus iad ar tí tús a chur le cleachtadh lámhaigh bheo nuair a chonaic sé droimeiteach beag gar don soitheach, agus de réir an phrótacail rinne sé glaoch “CHECK, CHECK, CHECK” ar mheigeafón na loinge, rud a chiallaíonn go gcaitear deireadh a chur le gach gníomhaíocht ar an bpointe. Bhí sé sásta go ndearna, mar nuair a chuardaigh sé an limistéar arís lena dhéshúiligh chonaic sé trí mhíol mór dronnacha ar a laghad, ina measc “Boomerang” (#HBIRL3) agus #HBIRL78.
Is maith an rud i gcónaí eolas a fháil faoi ghluaiseachtaí ár míolta móra dronnacha, go háirithe ceangal fadraoin a cheanglaíonn le limistéir phóraithe iad. D’fhéadfadh sé go bhfuil #HBIRL78 fós in uiscí chuan Sal Rei, Boa Vista, ag iarraidh cúpláil a dhéanamh nó lao a bhreith, agus más amhlaidh atá an scéal tá aistear fada 4,250 km ó thuaidh roimpi. D’fhéadfadh sé, ar ndóigh, go bhfuil a misean cúplála curtha i gcrích aici, agus sa chás sin b’fhéidir nach bhfuil sí ach roinnt bheag seachtainí go dtí go mbainfidh sí amach ár gcinn tíre thiar theas.
Ní fios an mbeimid ábalta dul amach i mbáid chun grianghraf a ghlacadh di nuair a fhillfidh sí agus braithfidh sé ar orgánach i bhfad níos lú nach bhfuil fáilte roimhe. Ach i dtimpeallacht reatha an Covid-19, ní fhéadfá rud níos fearr a dhéanamh ar mhaithe le do chorp, d’intinn nó d’anam ná suí ar cheann tíre ar feadh roinnt uaireanta agus iarracht a dhéanamh ár míolta móra dronnacha a aimsiú agus iad ar a mbealach ar ais.
Tugadh deis do Nick Massett in iarthar Chiarraí le gairid le linn an bhriste san aimsir faire sheasmhach a dhéanamh ón talamh ar Cheann Sléibhe, agus le linn gach faire chonaic sé ar a laghad droimeiteach beag amháin. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil séasúr faire na míolta móra ag druidim linn. Má bhíonn an t-ádh ort agus míolta móra agus deilfeanna a fheiceáil sa séasúr romhainn, tabhair tuairisc ar do bhreathnuithe go díreach don IWDG, más é do thoil é, agus an nasc Tuairiscigh Amharc á úsáid ar www.iwdg.ie
Mar is gnáth, buíochas mór lenár gcomhoibrithe agus ár gcuiditheoirí ag Allied Whale (NAHBC) agus Bios.CV, John Burke, Andrew Malcolm & Rónán Mc Laughlin
Pádraig Whooley, Oifigeach Amharc IWDG