Risso’s Dolphin

  • Ainm Béarla: An deilf liath
  • Ainm Laidine: Grampus griseus
  • Méid: 3.2 m
  • Aiste Bia: Scuideanna, ochtapas agus cudail

CUR SÍOS:

Deilf mhór théagartha le ceann mór cruinn, gan shoc, eite droma ard chuartha agus lapaí fada. Athraíonn a dhath thar shaol na deilfe, ó liath dorcha go liath éadrom agus fiú bán de bharr coilm a fhágann aonáin eile  ar an gcraiceann le linn caidreamh sóisialta. Dá chríonna an t-aonán is éadroime an dath a thagann orthu. Fanann an dath dorcha ar bhos an eireabaill agus ar na lapaí nuair a bhíonn siad lánfhásta. Tá idir 3 agus 7 bpéire fiacal sa ghiall íochtair amháin.

IOMPAR:

De ghnáth fanann siad glan ar bháid ach amanna déanann siad marcaíocht ar bhoghathonnta. Is féidir leo a bheith an-ghníomhach agus léim a dhéanamh glan as an uisce am i ndiaidh ama nó snámh mar a bheadh muc mhara ar dhromchla an uisce agus iad ag taisteal.

IN ÉIRINN:

Is fearr leo a bheith gar don chósta agus d’oileáin amach ón gcósta, go háirithe amach ón Sailte Mór agus an Sailte Beag i gCo. Loch Garman, ó chósta Chorcaí agus na Blascaodaí, Co. Chiarraí, le linn mhíonna an tsamhraidh murab ionann is gnáthóga doimhne in áiteanna eile ar domhan.

Amhairc ar an Deilf Liath 2009 – 2018

Downloadable Detailed Species Information

FIND OUT MORE

Back to Top