Flúirse Liamhán Gréine ar chósta an Chláir

Níl tada neamhghnách faoin líon mór taifead d’amhairc ar an liamhán gréine atá á dtuairisciú go laethúil don IWDG as Contae an Chláir. Ach fós tá an líon suntasach, agus tugtar le tuiscint gur comhaireadh os cionn 100 siorc in achar beag amháin idir Rinn na Spáinneach agus Sráid na Cathrach an tseachtain seo caite. Má leathnaítear amach an t-achar beag seo ó dheas go dtí Ceann Léime nó ó thuaidh go Ceann Boirne i gContae an Chláir, cé mhéad liamhán atá ann, agus dá gcuirfí Contaetha Chiarraí agus na Gaillimhe, Shligigh agus Mhaigh Eo, cé mhéad a bheadh ann? Le fírinne, níl aon fhreagra cinnte ar an gceist sin againn

Chun ceist dá leithéid a fhreagairt theastódh rud éigin mar shuirbhé ón aer chun léargas cuimsitheach a fháil, ach d’fhéadfadh go mbeadh na mílte liamhán gréine cois cósta faoi láthair ar an gcósta thiar. Taispeántar sna grianghraif seo a thóg Carsten Krieger agus Suzanne O’ Driscoil i gCuan Fhóidre, ar leithinis Cheann Léime agus ó dheas de Chill Chaoi go bhfuil liamháin ann agus cé chomh gar is atá siad don chladach chun iad féin a bheathú ar an zóplanctón. Is deis iontach atá anseo don phobal na liamháin a bhreithniú agus a gcuid breathnuithe a thuairisciú don IWDG, agus ar an tslí sin cur leis an gcaomhnú mara.

At least 9 basking sharks feeding in Fodry Bay, Loop Head 8th May, © Carsten Krieger

 

Sharks feeding at Byrne’s Cove, Kilkee Golf Course area, 8th May, © Suzanne O’ Driscoil

 

Míle buíochas do gach duine as na céiticigh agus na liamháin ghréine a thuairisciú don IWDG le roinnt seachtainí anuas le linn na géarchéime seo. Coinnigh leis an obair agus leis an tuairisciú chuig  www.iwdg.ie

Pádraig Whooley, Oifigeach Amhairc IWDG