Cuairt na gCránacha Dubha ar chósta thiar theas na hÉireann

Is cúis scleondair i gcónaí an teagmháil le cránacha dubha (nó grampair) agus is díol spéise ar leith iad a fheiceáil in uiscí na hÉireann. Nuair a fuaireamar an tuairisc amhairc is déanaí ó Nick Massett ar an 12 Meitheamh ar phéire cránacha díreach faoina ionad faire ar Cheann Sléibhe in iarthar Chiarraí, bhí scleondar le brath agus creachadóir bairr an aigéin le feiceáil ar leic an teallaigh aige. Leis an bhfírinne a rá, tá an bhraistint tógálach, mar níorbh fhada go raibh mé féin gafa leis an eachtra. Is rud é a bhaineann leis an gcráin dhubh go háirithe agus baint aige lena suíomh ag barr an bhiashlabhra mhara; chomh maith leis sin, tá siad réasúnta neamhchoitianta ar feadh a raoin leathain agus ina theannta sin smaoinigh ar dhrámaíocht Hollywood agus tríd is tríd is eachtra iontach a bhí ann.   

 

Collach Dubh lánfhásta, Bealach an Bhlascaoid 12/06/13 (c) N MassettTá aithne agam ar dhaoine atá tar éis a bheith ag faire míolta móra ar feadh a saoil agus nach bhfuil cránacha dubha feicthe riamh acu. Tá aithne agam, freisin, ar dhaoine a chuaigh chuig láithreacha speisialta ar fud an domhain agus a tháinig abhaile gan dada a fheiceáil. Ar an láimh eile, tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil siad feicthe acu gan aon iarracht a dhéanamh. Tá sé mar a bheadh crannchur, agus dá mhinice a imrítear an cluiche is mó an seans go mbuafaidh tú. Mar sin más mian leat cránacha dubha a fheiceáil in uiscí na hÉireann, ní mór duit an-ádh a bheith ort nó roinnt mhaith uaireanta a chloig a chaitheamh ar na haillte nó ar an bhfarraige.  

Mar phointe tosaigh i do chuardú, is é a déarfaimis, de ghnáth, dul go dtí www.iwdg.ie  agus an áis mhapála a scrúdú ionas go bhfeicfidh tú na láithreacha inar minicí a fheictear na míolta; i ndáiríre táimid tar éis an obair a éascú daoibh agus tá mapa san alt seo (féach thíos) de na háiteanna ina bhfacthas 69 cráin dhubh ar cuireadh tuairisc ina leith chuig an IWDG ó 2008 ar aghaidh agus a bhfuil taifid bhailí déanta díobh.  Ach ní chuidíonn an mapa an oiread sin. Is í an chúis leis sin nach dtaispeánann cránacha dubha dílseacht d’aon réimse farraige ar leith agus go bhfeictear áit ar bith ar feadh chósta na hÉireann iad. Ní hionann iad ar chor ar bith agus an droimeiteach nó an míol mór dronnach a mbíonn séasúr sainithe acu, agus ar féidir linn a thuar maidir leo, go réasúnta beacht, an áit a bhfuil seans maith go bhfeicfear iad.  Ní hé an scéal céanna é maidir lenár ndeilf is mó, atá fós chomh neamh-intuartha is atá carasmatach. 

 

Thar thréimhse roinnt uaireanta an chloig, d’éirigh le Nick turas an phéire a leanúint, fireannach agus baineannach lánfhásta, agus iad ag taisteal ó thuaidh trí Bhealach an Bhlascaoid agus ar aghaidh chuig Ceann an Chloichir. Tháinig siad chomh gar sin don chladach gur ón 

(c) IWDG

talamh is mó a thóg Nick na híomhánna aitheantais fótagrafacha. Bhí pléisiúr i ndán do na paisnéirí ar bhád faire míolta móra Mick Sheeran, an MV Blasket Princess, mar gur threoraigh Nick an bád chuig an gceantar, agus fuair siad tuilleadh íomhánna. An raibh éad orm? D’fhéadfá a rá! 

Mapa d’amhairc ar chránacha dubha

 

Níorbh fhada ina dhiaidh sin, agus mé ag labhairt le Colin Barnes, gur luaigh mé gur chonacthas cránacha dubha amach ó Cheann Sléibhe, agus d’fhiafraigh sé díom an péire a bhí ann, fireannach lánfhásta agus ceann eile níos lú. Bhí iontas orm, agus d’fhiafraigh mé de conas a bhí sin ar eolas aige; mhínigh sé dom go raibh cara leis ar Charn Uí Néid an lá roimhe sin agus gur bhuail le beirt thurasóirí Meiriceánacha a dúirt leis go raibh siad cinnte go raibh péire cránacha dubha díreach feicthe acu.  Ag an bpointe sin ní raibh ansin ach scéilín agus ní bhacaimid le scéilíní san IWDG, ach is fearr linn brath ar fhíricí. Ach uaireanta tugann scéilíní mar sin cúnamh dúinn cur leis an bpictiúr mór.

 

Ar an 13 Meitheamh deimhníodh an ceangal le Carn Uí Néid le cuntas pearsanta ón láthair ó Ross O’Connell, treoraí turais nua an Chairn, agus tuairisc ar líne curtha aige chuig an IWDG. Dheimhnigh sé go bhfaca sé chomh maith, ag 1300 ar an 11 Meitheamh, péire cránacha dubha ag dul siar thar Charn Uí Néid ar a mbealach go Béarra. Léiríonn na hamhairc sin arís an fiúntas a bhaineann le scéimeanna taifeadta an IWDG agus gluaiseachtaí na gcéiticeach á leanúint acu ar feadh ár gcósta. Mar sin, cé nach bhfuil ach 60 míle idir Carn Uí Néid agus Ceann Sléibhe, tugann na hamhairc sin spléachadh dúinn ar ghluaiseacht agus ar iompar gearrthréimhse na míolta móra.   

Bos eireabaill cránach duibhe, Na Blascaodaí, Ciarraí 12/06/13 (c)  Nick MassettAgus, maidir leis na híomhánna…..bhuel, seasann siad leo féin. Is deacair drochphictiúr a ghlacadh de chráin dhubh. Tá íomhánna curtha ar aghaidh chuig ár gcomhghleacaithe in Iontaobhas Míolta Móra agus Deilfeanna Inse Ghall chun iarracht a dhéanamh iad a mheaitseáil lena gcuid pictiúr agus a dhéanamh amach an ainmhithe aitheanta iad seo ó Ghrúpa Pobail Iarthar na hAlban. Táthar den tuairim go mb’fhéidir gurb iad W05 Comet (fireannach lánfhásta) agus W09 Puffin (baineannach lánfhásta), péire a chonacthas ar an 10 Lúnasa 2009 amach ó Inse Gé, i gContae Mhaigh Eo agus ar taifeadadh go deireanach iad in iarthar Chorcaí ar an 27 Márta 2010.

Bos eireabaill cránach duibhe, Na Blascaodaí, Ciarraí 12/06/13

(c) Nick Massett

Nar bhreá an rud é dá bhféadfaí roinnt bhearnaí ina gcuid taistil ar chósta thiar na hÉireann a líonadh?

Míle buíochas le Nick Massett, Blasket Island Marine Tours agus Ross O’Connell / Carn Uí Néid as bhur n-iarrachtaí taifeadta go léir.

 

Le Pádraig O hUallaigh, Comhordaitheoir Amhairc 

Translated by Padraic de Bhaldraithe