Cursa Faire Miolta Mora deireadh seachtaine 26-28 Iuil

Cúrsaí Samhraidh Faire Míolta Móra an IWDG…an t-eolas is deireanaí

An t-eolas is deireanaí faoi chúrsa deireadh seachtaine 26-28 Iúil

Tá ár ndara cúrsa deireadh seachtaine faire míolta móra ar Chléire in iarthar Chorcaí á chur in áirithe de réir a chéile. Tá spás fós ann, áfach, le haghaidh áirithintí sna seachtainí romhainn. Ach molaimid do dhaoine gan aon mhoill a dhéanamh agus áit a chur in áirithe go luath lena chinntiú go mbeidh rogha lóistín acu, tharla go mbeidh an cúrsa ar siúl le linn an ardséasúir. Tá raon teoranta de lóistín ar fáil ar Oileán Chléire, m

ar atá ar na hoileáin eile amach ón gcósta, agus bíonn deacracht an t-éileamh ard a shásamh le linn shéasúr móréilimh na saoire. De bharr na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl againn le linn chúrsaí faire míolta móra ag deirí seachtaine, tá an rogha teoranta i ndáiríre do dhá ionad Leaba agus Bricfeasta, Faireachlann Éan Chléire (CCBO), Brú Chléire agus an t-ionad campála.  Coinnigh do shúil ar www.iwdg.ie chun na hamhairc is deireanaí timpeall ar Chléire a fheiceáil. Cuir ceisteanna nó áirithint ar an r-phost chuig padraig.whooley@iwdg.ie , Teil. 353 (0)86 3850568 nó féach ar  www.iwdg.ie/events chun sonraí iomlána chúrsaí Chléire a fheiceáil.