IWDG ina chomhpháirtí i dtionscadal nua OCEAN arna mhaoiniú ag Fís Eoraip 2020 de chuid an AE

Tá áthas ar an IWDG a bheith ina chomhpháirtí i dtionscadal nua atá maoinithe ag Fís 2020 de chuid an AE a bhfuil sé mar aidhm aige tionóiscí loingseoireachta a mhaolú lena n-áirítear tuairteanna le mamaigh mhara. Cuirfear é sin i bhfeidhm trí chabhrú le loingseoirí jab níos fearr ná a dhéantar faoi láthair a dhéanamh. Baineann a leithéid de chabhair ní hamháin le feabhas ar fheasacht loingseoireachta ‘ar an láthair’ – lena n-áirítear láithreacht mamaigh mhara agus coimeádáin ar snámh – ná le feabhas ar ionramháil sheachantach agus gníomhartha maolaithe eile. Rachaidh an tionscadal níos doimhne agus níos leithne sa scéal chun leasuithe nó feabhais sna tosca is ábhartha, a d’fhéadfadh tionóiscí a dhéanamh as eachtraí, a shainaithint agus a mholadh: tosca traenála, teicniúla, daonna nó eagrúcháin, srianta, próisis agus nósanna imeachta feidhmiúcháin, brúnna tráchtála nó ceisteanna struchtúracha amhail easnaimh i rialacha agus rialacháin.

Tugadh cuireadh don IWDG mar gheall ar an rath ar ár nAip Thuairiscithe nua a mheastar ina thairbhe ollmhór don tionscadal. Tá sé de chúram orainn aip den chineál céanna a fhorbairt i gcomhair OCEAN chun gur féidir guaiseacha féideartha ar an bhfarraige a thuairisciú. Beidh nuálaíocht áirithe ann – algartaim mheaisínfhoghlama a thógáil chun cuidiú le dóchúlacht guaise loingseoireachta a shannadh go huathoibríoch (i.e. gan aon bhailíochtú daonna). Beidh an aip ar cheann de chuid mhaith uirlisí, lena n-áirítear samhaltú nideoige agus aimsiú fuaime, chun láithreacht míolta móra (guaiseacha loingseoireachta) a thuar chun mairnéalaigh a chur ar a n-airdeall.

Pádraig Whooley, Trea Heapes agus Simon Berrow,ag Høgskulen på Vestlandet (An Iorua) le haghaidh an cruinniú tosaigh

Toradh amháin a bheidh ar an tionscadal ná titim i líon na dtaifead ar thuairteanna long le míolta móra. Beidh an IWDG ag obair go dlúth leis an Universidade dos Açores de chuid na Portaingéile (https://www.uac.pt/) ar ceannairí oibre iad.

Bhí Simon Berrow, Pádraig Whooley agus Trea Heapes, Oifigigh de chuid an IWDG, i láthair i Haugesund na hIorua i gcomhair an cruinniú tosaigh chun tuiscint níos fearr a fháil ar ár ndualgais agus chun bualadh lenár gcomhpháirtithe nua. Bhí rath ar an gcruinniú agus táimid cinnte de na spriocanna atá le baint amach againn thar na trí bliana atá romhainn. Is bagairt mhór do mhamaigh mhara atá sa loingeas tráchtála, go háirithe mar go bhfuil longa níos mó agus níos tapúla ann anois. Tuairiscíodh ar a laghad 75 cineál mara éagsúla a bheith gortaithe nó marbh ar fud an domhain de bharr tuairt mharfach, lena n-áirítear 48 speiceas de mamaigh mhara, agus go háirithe na míolta móra is mó.

Maoiniú faighte ag an gcuibhreannas ildisciplíneach Eorpach chun sábháilteacht loingseoireachta a fheabhsú.

  • Tá an tionscadal OCEAN dírithe ar fheasacht oibritheoirí ar an loingseoireacht a fheabhsú, chun líon na dtionóiscí tromchúiseacha amhail tuairteanna agus dul i dtír a laghdú, baol imbhualadh long in aghaidh mamach mara a mhaolú, agus an baol atá do longa a bhaineann le constaicí ar snámh a mhaolú.
  • TCuirfidh an tionscadal OCEAN le tuiscint níos fearr ar bhunchúis tionóiscí, agus déanfaidh sé iarracht ar na caillteanais a thagann dá mbarr, lena n-áirítear daoine, an comhshaol agus eacnamaíochta a laghdú trí nuálaíocht sochtheicneolaíochta a thacaíonn le loingseoirí long.
  • Cuimsítear 13 eagras comhpháirtíochta trasna 7 dtír Eorpacha ón tionsclaíocht, an saol acadúil, ENRanna agus úsáideoirí deiridh i gcuibhreannas OCEAN, atá á chomhordú ag Høgskulen på Vestlandet na hIorua.
  • TThug Fís Eoraip maoiniú don tionscadal agus seoladh é i nDeireadh Fómhair 2022 agus rithfidh sé go dtí 2025.

Tarlaíonn thart ar 3,000 eachtra ar an bhfarraige gach bliain do chabhlach mara na hEorpa. Rangaítear 28% de na tionóiscí mar thionóiscí tromchúiseacha nó an-tromchúiseach, agus bás ar bord, truailliú, tine, tuairteanna nó dul i dtír mar thoradh orthu. Bíonn timpistí loingseoireachta go mór i gceist sna staitisticí sin de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Muirí, bíodh loingeas lastais, paisinéirí nó seirbhíse i gceist.

Tá an tionscadal OCEAN meáite ar chur le maolú ar thionóiscí loingseoireachta trí thacú leis na loingseoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar an obair. Tabharfaidh cuibhreannas OCEAN aghaidh ar na tosca is ábhartha a d’fhéadfadh timpistí a dhéanamh as eachtraí; tosca traenála, teicniúla, daonna nó eagraíochta, bacainní, próisis agus nósanna imeachta oibríochta, brúnna tráchtála, agus molfaidh sé feabhas agus leasuithe ar na rialacháin, caighdeáin agus ar dhearadh agus ar chur chuige maidir le droichid.

á sé mar aidhm ag OCEAN feasacht ar an loingseoireacht “ar an toirt” a fheabhsú chun tuairteanna gar-réimse a sheachaint trí ionramháil éalaitheach. Cuirfidh an tionscadal roinnt nuálaíochta dírithe ar an duine ar fáil agus léireoidh sé iad. Mar shampla, cuirfidh an Taispeáint 4D den Fheasacht Lonnaithe a ndéanfar í a fhorbairt sa tionscadal OCEAN feabhas ar léirshamhlú guaiseacha loingseoireachta, agus comhtháthófar córais faisnéise reatha an droichid le brath mamach mara agus coimeádán ar snámh agus cumas rianaithe a fhorbrófar go sonrach i gcomhair an tionscadail.

Níos faide ar aghaidh déanfaidh an tionscadal bonneagar sonraí guaiseacha loingseoireachta Eorpach a dhearadh chun breathnuithe ilfhoinsí agus tuartha guaiseacha a bhaineann le coimeádáin ar snámh a ionchur sa bhonneagar foláirimh mhara a dháiltear faoi láthair. Tá sé i gceist ag OCEAN an t-éiceachóras sonraí sin a aistriú chuig eagrais Eorpacha ábhartha le húsáid agus le cothabháil.

á ionadaíocht ag 7 dtír Eorpacha sa chuibhreannas de 13 bhall, lena n-áirítear an Iorua, an Ghréig, an Spáinn, an Danmhairg, an Phortaingéil, Éire, agus an RA, iad go léir suite i réigiúin mhóra chósta na hEorpa – agus é comh-mhaoinithe ag Fís Eoraip. I measc na mball tá rialtas cósta, oibritheoir loingis, taighdeoirí i sábháilteacht agus in iompar mara, saineolaithe in éiceolaíocht agus i gcaomhnú mamach mara, cuideachtaí a bhfuil saineolas acu i gcórais faisnéise agus bhraite muirí, eagraíocht ghairmiúil, eagraíocht riartha sábháilteachta, chomh maith le speisialtóirí bonneagair sonraí, cumaisc sonraí agus íomháithe satailíte. Tá tacaíocht ag rannpháirtithe ón RA ó Dheontas Taighde agus Nuálaíochta an RA Uimhir 10038659 (Lloyd’s Register), agus ó Dheontas Uimhir 10052942 (The Nautical Institute).

Seoladh an tionscadal i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus tá sé le rith ar feadh trí bliana.

Haugesund, An Iorua

Maidir le Fís Eoraip

‘Sé Fís Eoraip Clár maoinithe an AE i gcomhair taighde agus nuálaíochtale buiséad €95.5 billiún clár maoinithe an AE i gcomhair taighde agus nuálaíochta le buiséad de €95 billiúin aige thar an tréimhse 2021-2027. Cuidíonn an clár le comhoibriú agus neartaíonn sé tionchar an taighde maidir le faisnéis, teicneolaíocht agus jabanna, agus é ag dul i ngleic le dúshláin dhomhanda mar an athrú aeráide.

Maidir le Høgskulen på Vestlandet na hIorua

á Høgskulen på Vestlandet na hIorua. (HVL) ar cheann de na hinstitiúidí oideachais is mó sa tír agus 17,000 mac léinn ag freastal air. Tá HVL scaipthe thar 5 champas agus 400 km ar chósta thiar na hIorua. Cuireann an ollscoil raon leathan clár acadúil ar fáil ag leibhéal Baitsiléara, Máistreachta agus PhD.

 

Cuibhreannas OCEAN

Høgskulen på Vestlandet (An Iorua) https://www.hvl.no/en/ (Comhordaitheoir)

Kystverket (An Iorua) https://www.kystverket.no/

National Technical University of Athens (An Ghréig) https://www.ntua.gr/en/

Centre Internacional de Mètodes Numèrics a l’Enginyeria (An Spáinn) https://www.cimne.com/

Teledyne Reson A/S (An Danmhairg) http://www.teledynemarine.com/reson

Universidade dos Açores (Portugal) https://www.uac.pt/

Kongsberg Maritime AS (An Iorua) https://www.kongsberg.com/no/maritime/

Kongsberg Seatex AS (An Iorua) https://www.kongsberg.com/no/maritime/contact/our-offices/norway-trondheim-seatex-as/

Universitat Politècnica de Catalunya (An Spáinn)) https://www.upc.edu/

Irish Ferries Ltd (Éire) https://www.irishferries.com/

Irish Whale and Dolphin Group (Éire) https://iwdg.ie/

The Nautical Institute (An Ríocht Aontaithe) https://www.nautinst.org/

Lloyd’s Register (An Ríocht Aontaithe) https://www.lr.org/