Gailearaí Iomhánna
Cliceáil ar mhioníomhá thíos chun íomhá lánmhéide a fheiceáil
CUR SÍOS:
Deilf mhór théagartha le ceann mór cruinn, gan shoc, eite droma ard chuartha agus lapaí fada. Athraíonn a dhath thar shaol na deilfe, ó liath dorcha go liath éadrom agus fiú bán de bharr coilm a fhágann aonáin eile ar an gcraiceann le linn caidreamh sóisialta. Dá chríonna an t-aonán is éadroime an dath a thagann orthu. Fanann an dath dorcha ar bhos an eireabaill agus ar na lapaí nuair a bhíonn siad lánfhásta. Tá idir 3 agus 7 bpéire fiacal sa ghiall íochtair amháin.
IOMPAR:
De ghnáth fanann siad glan ar bháid ach amanna déanann siad marcaíocht ar bhoghathonnta. Is féidir leo a bheith an-ghníomhach agus léim a dhéanamh glan as an uisce am i ndiaidh ama nó snámh mar a bheadh muc mhara ar dhromchla an uisce agus iad ag taisteal.
IN ÉIRINN:
Is fearr leo a bheith gar don chósta agus d’oileáin amach ón gcósta, go háirithe amach ón Sailte Mór agus an Sailte Beag i gCo. Loch Garman, ó chósta Chorcaí agus na Blascaodaí, Co. Chiarraí, le linn mhíonna an tsamhraidh murab ionann is gnáthóga doimhne in áiteanna eile ar domhan.
Amhairc ar an Deilf Liath 2009 – 2018