Amhairc le linn Covid

Tá sé soiléir go mbaineann na srianta atá orainn lenár gcineál féin amháin, agus le linn den chuid is mó dínn a bheith faoi ordú dianghlasála, tá an dúlra ag baint sásaimh as an spás agus an tsaoirse neamhghnách atá aige. Ní bhíonn néal gan ghealán, a deirtear, agus is é sin an cás leis an bpaindéim!

Le linn na naoi seachtaine dheireanacha, ón 1 Márta go dáta, tá an IWDG tar éis taifid a fháil d’amhairc ar 175 ainmhí, idir chéiticigh agus liamháin ghréine, agus is ionann sin agus laghdú beagnach 40% sna tuairiscí don tréimhse chéanna in 2019. Ní hiontas ar bith an laghdú sin mar gheall ar chursaí ag an am seo agus ar ndóigh iarraimid ar dhaoine leanúint le cloí leis na hiarratais fanacht sa bhaile ónár n-údaráis slánte áitiúla. Ach tugtar léargas úsáideach dúinn faoi na speicis atá le feiceáil ar feadh an chósta leis an líon beag tuairsicí atá á dtabhairt ag daoine as a gceantair áitiúla agus ar an gcúis sin shocraíomar go luath le linn na paindéime leanúint le hamhairc a phróiseáil de réir mar a thuairiscítear iad agus iad a chur ar fáil i bhfíor-am anseo ar www.iwdg.ie.

#HBIRL43 ar an bPoll Domhain, Iarthar Chorcaí 24 Aibreán © Colin Barnes, CWW

Bos eireabaill #HBIRL43, Iarthar Chorcaí 24 Aibreán © Colin Barnes, CWW

 

 

 

 

 

 

 

 

Mar sin, cad é an príomhábhar cainte?

Bhuel, bhí sé soiléir chomh luath le deireadh Mhárta go raibh míolta móra tar éis tosú ag teacht go hIarthar Chorcaí, agus fuaireamar blas nuair a chonacthas séideadh amach ó Cheann Dhún dTéide agus ó Rinn Chró i mBéarra ar an 31 Márta agus an 1 Aibreán faoi seach. Deimhníodh iad sin ar an 11 Aibreán leis an gcéad amharc ar mhíol mór dronnach amach ó Cheann Dhún dTéide agus ár gcéad íomhánna aitheantais ó ghrianghraif níos faide siar i gceantar an Phoill Dhomhain ar an 24 Aibreán. Is sa cheantar sin d’Iarthar Chorcaí a bhí na hamhairc uile, ‘sé sin go dtí an 3 Bealtaine nuair a ghlac an t-iascaire Antoin Walsh íomhánna de mhíol mór dronnach ag éirí glan as an uisce amach ó Bhaile Choitín in oirthear Chorcaí. Mar an gcéanna le blianta eile, is cosúil gur in Iarthar Chorcaí a dhéantar an chéad stad chun dul ag ithe …beidh sé suimiúil a fheiceáil cén t-achar ama a thógfaidh sé orthu bogadh siar go dtí na háiteanna i gCiarraí a mbíonn an-tóir acu orthu.

Liamhán Gréine, Bridges of Ross, Co. an Chláir, Aibreán 29, © Carsten Krieger

Is é an scéal mór eile a bhfuil aird á tarraingt air ar na meáin shóisialta an líon mór liamhán gréine, go háirithe ar chósta an Chláir. Go dáta, tá os cionn 30 taifead d’amhairc ar liamhán gréine faighte againn, agus cé go bhfuil an seans ann go bhfuil dúbláil sna hamhairc i gceist, tá sé soiléir go bhfuil na céadta liamhán ann agus gurb é ceantar an Chláir/Árann an áit a bhfuil an dlús is mó díobh, mar go bhfuil 68% de na taifid d’amhairc ar shiorcanna sa cheantar sin. Is iontach iad cuid de na cruinnithe sin agus tá sé measta ag an lucht féachana go raibh thart ar 100 siorc in achar beag idir Rinn na Spáinneach agus Sráid na Cathrach. Cé go bhfuil an líon sin neamhghnách, chonacthas a leithéid cheana. Tá roinnt taifead, freisin, ó Chontaetha Chiarraí, na Gaillimhe agus Mhaigh Eo (féach an mapa thíos).

Mapa d’amhairc ar liamháin ghréine © IWDG

 

Níl na sonraí maidir le hamhairc ar liamháin iomlán fós mar go bhfuil cuid den lucht taifeadta ag coimeád greama ar a dtaifid go dtí go mbeidh géarchéim an Covid-19 caite. Agus tharla sinn a bheith níos lú ná leath slí trí shéasúr an liamháin, tá sé ró-luath a bheith ag rá go bhfuil níos mó liamhán ná riamh ann i mbliana ….is fearr fanacht go deireadh an tséasúir nuair a bheifear ábalta sonraí iomlána na n-amharc a athbhreithniú agus machnamh a dhéanamh ar cé chomh maith is a bhí an séasúr don dara hiasc is mó ar domhan.

Is é an rud iontach faoi liamháin ghréine gur féidir iad a fheiceáil i ngar amach ó thránna in áit ar féidir leo breith ar an zóplanctón go héasca. Dá bhrí si ní bhíonn aon ghá duit a bheith ag dul i bhfarraige i mbáid nó go dtí cinn tíre i gcéin chun iad a fheiceáil. Mar is gnách, ní mór farraige chiúin chun iad a aimsiú agus is iondúil go dtagann a mbia go barr uisce ar laethanta gréine agus is é sin a tslí a n-éiríonn linn iad a fheiceáil

Deilfeanna coiteanna, An Feabhal, Cathair Dhoire, 25 Aibreán,© Christine Cassidy

Ar deireadh, bhí tarlú neamhghnách ann an tseachtain seo atá caite nuair a chonacthas roinnt deilfeanna in uiscí isteach faoin tír. Mar shampla, tuairiscíodh go raibh grúpa de chúig dheilf choiteanna san Fheabhal i gcathair Dhoire idir an 19 agus an 28 Aibreán, iad i gcomharsanacht agus taobh thuas de Dhroichead Craigavon. Agus fós i dTuaisceart Éireann, bhí deilf choiteann aonarach i Loch Cairlinn agus d’fhan sé ar feadh ceithre lá i ndiaidh a chéile i gceantar an Phointe idir an 24 agus an 27 Aibreán agus níorbh thúisce imithe é ar an meán lae ar an 27ú ná tógadh grianghraf de dheilf eile i gCaolas Loch Cuan thart ar 35 míle ó thuaidh ar an gcósta an tráthnóna céanna. Níl sé soiléir arbh é an t-ainmhí céanna a bhí i gceist ach tá cuma an chomhtharlaithe air. Ag an am céanna tuairiscíodh deilf nó muc mhara sa tSiúir i mBruachaill ar an 26 Aibreán, thart ar 20 km ón bhfarraige.

D’fhéadfaimís a bheith ag tuairimíocht gur bhain na heachtraí sin le fairsingiú gearrthéarma ar raon na ndeilfeanna nó na muc mara mar fhreagra ar Covid … cé gur smaoineamh deas atá ann, ní bheifear in ann é a chruthú ar deireadh. D’fhéadfadh go bhfuil míniú níos simplí air – go bhfuil níos mó daoine amuigh sa dúlra ag féachaint agus ag tabhairt rudaí faoi deara i ndomhan níos ciúine.

Míle buíochas le gach duine as bhur n-amhairc ar chéiticigh agus ar liamháin ghréine a thuairisciú chuig www.iwdg.ie

Taispeánadh an píosa scannánaíochta ar phríomhnuacht RTÉ tráthnóna an 4 Bealtaine agus is féidir é a fheiceáil ar ardáin na meán sóisialta. Seo an nasc thíos:

https://www.rte.ie/news/2020/0504/1136412-watch-surfers-get-face-to-face-with-basking-sharks/

By Pádraig Whooley,

Oifigeach Amhairc, IWDG