Fáilte ar ais chuig Cé Nimmo roimh dheilf bholgshrónach na Gaillimhe

Tá dhá amharc ar dheilf bholgshrónach aonair a fuair Marcus Hogan agus Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe amach ó Ché Nimmo i nGaillimh Dé Sathairn 6 agus Dé Máirt 16 Feabhra deimhnithe ag an IWDG. Mar gheall ar an bpíosa scannánaíochta a fuarthas, an cur síos, an suíomh agus na cúinsí faoina bhfacthas é/í, táimid sásta gurb iad na taifid sin ár gcéad amhairc in 2021 ar an deilf fhásta a dtugtar Nimmo go háitiúil air.

Leis an amharc is déanaí sin tá taifead ar an deilf aonair sin anois ag an IWDG seacht mbliana i ndiaidh a chéile, i gCuan na Gaillimhe laistigh, go háirithe i limistéar Ché Nimmo. Tharraing sé/sí ár n-aird den chéad uair in Aibreán 2015 agus chonacthas gach bliain ó shin é/í, ar feadh 130 lá idir an 28 Eanáir go dtí an 13 Deireadh Fómhair. Is iad seo a leanas na chéad tuairiscí a fuarthas ar an deilf sna blianta roimhe seo:

  • 6 Aibreán 2015

    “Nimmo” agus Inis Caorach sa chúlra, 30 Eanáir 2019

  • 21 Feabhra 2016
  • 12 Feabhra 2017
  • 18 Feabhra 2018
  • 28 Eanáir 2019
  • 1 Feabhra 2020
  • 6 Feabhra 2021

ITá sé suimiúil, freisin, súil a chaitheamh ar líon agus ar raon na n-amharc bliain ar bhliain (thíos), a thugann le fios go mbíonn Nimmo ag teacht níos luaithe an chuid is mó de na blianta, ach ag fanacht níos faide. Cé go bhféadfadh sé gur toradh atá ansin ar fheasacht níos forleithne i measc an phobail ar an deilf a bheith i láthair sa cheantar, agus tuilleadh daoine ag cur isteach a dtuairiscí chuig an IWDG, thabharfadh na sonraí le fios gur mó an seans gur gnáthóg bheathaithe atá ansin don ainmhí aonair sin. Is é mí Aibreáin an mhí is mó a fhaightear amharc ar an deilf.

  • 2015: 6 Aibreán – 2 Meitheamh = 13 amharc thar dhá mhí
  • 2016: 21 Feabhra – 3 Meitheamh = 18 amharc thar ceithre mhí
  • 2017: 12 Feabhra – 30 Iúil = 31 amharc thar cúig mhí
  • 2018: 18 Feabhra – 13 Deireadh Fómhair = 19 amharc thar ocht mí
  • 2019: 28 Eanáir – 19 Bealtaine = 19 amharc thar ceithre mhí
  • 2020: 1 Feabhra – 23 Iúil = 28 amharc thar cúig mhí

Is deis iontach atá anseo do mhuintir na Gaillimhe deilf fhiáin a fheiceáil gar do lár cathrach agus go minic gar don chladach, áit nach dteastaíonn fearas láidir optúil le hé/hí a fheiceáil. Mar is gnách, beidh sé suimiúil a fheiceáil conas a éireoidh le Nimmo i mbliana agus cén fad ama a chaithfidh sé/sí sa limistéar. Iarraimid ar Shaoránaigh Eolaíochta aon amharc ar an deilf seo a thuairisciú thar na míonna atá le teacht ar www.iwdg.ie lena bhailíochtú, agus gan a cheapadh nach bhfuil suim againn i dtaifid laethúla mar go bhfuil a fhios againn go bhfuil sé sa limistéar ginearálta …..TÁ SUIM AGAINN ANN! Is iad na tuairiscí laethúla a chuidíonn linn an léargas iomlán a bheith againn.

Íomhá thuas: Nimmo agus Inis Caorach sa chúlra le Rory McAvinney, An tUisceadán Náisiúnta, agus an íomhá ar tosaigh le Andrew Morgans.

Le Pádraig Whooley, Oifigeach Amharc IWDG