Urraitheoir Nua á lorg ag an IWDG i gcomhair WhaleTrack Ireland

Tá urraitheoir nua á lorg ag an IWDG i gcomhair a thionscadal ceannródaíoch WhaleTrack Ireland.

Tá sé mar aidhm ag WhaleTrack Ireland tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil míolta móra, go háirithe na míolta móra dronnacha, ag baint úsáide as uiscí na hÉireann, tríd an “Eolaíocht Saoránach”.

Cá bpóraíonn na míolta móra sin ?

An mbíonn na míolta móra céanna ag teacht ar ais go hÉirinn agus cé chomh fada a fhanann siad ?

Cé leis a roinnimid na míolta móra sin?

Cé mhéad míol mór a bhíonn in uiscí na hÉireann cois cósta ?

An mbíonn siad ag canadh? 

San 12 mhí atá caite bhain IWDG tairbhe as urraíocht fhial Ryanair tríd a Chlár Cúiteamh Carbóin ach ní bheidh sé ag leanúint lena urraíocht ar WhaleTrack Ireland mar go bhfuil sé anois ag lorg tionscadal a bhfuil creidmheasanna iontu.  Le linn an ama sin tá obair déanta againn chun feasacht ar na míolta móra dronnacha a ardú níos mó ná riamh in Éirinn.

Tá taighde ceannródaíoch agus scéalta nua le roinnt againn ar https://iwdg.ie/twenty-years-a-growing-humpbacks-1-and-2-seen-together-again-after-20-years/

Limistéar póraithe mhíolta móra dronnacha na hÉireann faighte https://iwdg.ie/iwdg-find-the-breeding-grounds-of-irish-humpback-whales/

Físeán dochreidte de mhíolta móra dronnacha tógtha le drón https://iwdg.ie/whaletrack-ireland-amazing-footage-of-humpback-whales-off-west-cork/

Leathanach Facebook ar leith ag an IWDG faoin tionscadal  https://www.facebook.com/WhaleTrackIreland/ agus caidreamh maith ar ardáin na meán sóisialta e.g. https://twitter.com/klillington/status/1232339178073010178

Ba é scéal na míolta móra dronnacha an ceann ba mhó tóra ar RTÉ lelinn na bliana 2019 ar fad agus os cionn 5 milliún amharc air https://iwdg.ie/humpback-whales-top-the-rte-facebook-reach/

Catalóg d’Aitheantas Fótagrafach an IWDG – míol mór ar leith gach aon cheann, agus scéal ar leith le hinsint

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Urraitheoir Nua i gcomhair  WhaleTrack Ireland

Chun coinneáil leis an obair thábhachtach seo tá urraitheoir nua de dhíth ar an IWDG. Tá fearas caipitil suntasach ceannaithe againn faoi urraíocht Ryanair ach tá maoiniú ag teastáil chun tacú leis an obair allamuigh agus chun ár gcatalóig aitheantais fhótagrafaigh a chothabháil agus tacaíocht a thabhairt dár n-eolaithe saoránacha. Tacaíonn an obair sin le forbairt na turasóireachta mara in Éirinn agus feabhsaíonn sí go mór na deiseanna chun na hainmhithe maorga sin a fheiceáil chomh maith le cuidiú lena gcaomhnú fadtéarmach. Tá sé measta ag an IWDG go gcosnaíonn sin thart ar €40,000 in aghaidh na bliana chun ár leibhéal gníomhaíochta reatha a choimeád.

Más suim le haon duine tacaíocht leis an obair sin nó má tá aithne aige/aici ar dhuine a bhféadfadh an IWDH dul i gcaidreamh leis, déan teagmháil, más é do thoil é, le ceo@iwdg.ie

Míolta móra abú!

Back