Tá an IWDG tar éis scríobh chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, chun a míshuaimhneas a léiriú faoin drochthionchar féideartha ar mhíolta móra agus deilfeanna ón gcleachtas míleata atá beartaithe amach ó chósta thiar theas na hÉireann.
Táthar ar an eolas gur féidir tionchar suntasach féideartha ar mhamaigh mhara a bheith ag cleachtais mhíleata, go háirithe úsáid sonóire gníomhaí, go háirithe mar a bhaineann sé le cineálacha míolta móra a dhéanann tumadh domhain. Tá neart fianaise ann faoi na hiarmhairtí a bhíonn ar raon speiceas, lean n-áirítear sluaite míolta móra socacha tearca ag teacht i dtír, iompar éalaithe agus méadú san am a chaitear faoin uisce le linn trialacha nochta rialaithe.
Is údar imní go háirithe atá ann dúinn mar gur gnáthóga tábhachtacha i gcomhair raon speiceas a dhéanann tumadh domhain atá sna fánaí amach ón gcósta thiar theas lena n-áirítear Goban Spur/Whittard Canyon.
Tá sé léirithe le gairid ag taighde, a fuair maoiniú ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, faoin gclár ObSERVE go mbíonn cineálacha amhail caisealóidí, míolta móra socacha Cuvier, agus droimeitigh ann san earrach (féach mapaí samplacha).
Mar chuid de do chumarsáid, ar mhiste leat iarraidh ar arm na Rúise an bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as sonóir ghníomhach agus cé na gníomhaíochtaí eile, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar mhamaigh mhara sa limistéar, a bhfuil sé i gceist acu a úsáid. Teastaíonn uainn a fháil amach, freisin, cad iad na bearta maolaithe atá beartaithe acu chun tionchar an chleachtais sin ar mhamaigh a laghdú.
Ba mhaith linn é a chur i gcuimhne do roinne go bhfuil sé mídhleathach faoi dhlí an AE agus faoin dlí náisiúnta gníomhaíochtaí, a bhfuil sé ar eolas fúthu go gcuireann siad isteach go suntasach ar mhamaigh mhara agus a ngnáthóga, a chur i bhfeidhm go toiliúil taobh istigh de Limistéar Eisiach Eacnamaíochta na hÉireann (agus dá bhrí sin na hEorpa).
Chun eolas a fháil ar an gClár ObSERVE féach https://www.gov.ie/en/publication/12374-observe-programme/