Tá riméad ar Lucht Faire na Míolta Móra & Deilfeanna agus sinn tar éis trí bhonn a ghnóthú i sa scéim Gradam Gnó á éascú ag Glór na nGael. Is eagraíocht dheonach iad Glór na nGael agus é mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, pobail, teaglaigh agus grúpaí eile chun tacú le húsáid na Gaeilge sa saol mór.
Tháinig Glór na nGael i dteagmháil linn níos túisce i mbliana chun aitheantas a thabhairt dár gcuid oibre i nGaeilge agus go datheangach. I mí Dheireadh an Fhómhair, thug beirt mholtóirí cuairt orainn in oifig an IWDG, Cill Rois, Contae an Chláir. Meastachán a bhí sa chuairt seo ar ár seirbhísí do theanga na nGael, agus rinne siad scrúdú orainn faoi thrí chatagóir éagsúil:
- Brandáil & Margaíocht 🥇
- Comharthaíocht 🥈
- Seirbhís trí mheán na Gaeilge 🥉
Is údar mórtais don IWDG ár ndílseacht do theanga na Gaeilge. Sa tráth seo den saol, ina bhfuil Béarla faoi ghradam agus Gaeilge fágtha ar an gcaolchuid, is annamh a fheictear oifigeach Gaeilge sna ranna rialtais fiú, gan trácht ar NGO. ‘Nach fánach an áit a bhfaighfeá gliomach?’ mar deir an nath cainte. Tuigimid an oidhreacht speisialta a bhaineann le farraigí na hÉireann, agus an fhlúirse bithéagsúlachta atá faoi bhláth faoi bhun na dtonnta. Agus sinn tiomanta do chaomhnú atá eolaíocht-bhunaithe ar mhíolta móra, deilfeanna agus a gcuid gnáthóga, luíonn sé le réasún go ndéanaimis a ról i gcultúr na hÉireann a cheiliúradh freisin, chomh maith le hiarracht é a choinneáil beo.
Ar bealach, tá caomhnú na teanga agus caomhnú na gcéiticeach an-chosúil lena chéile. Tá fuinneamh agus draíocht ag baint leo -> Rinneadh leatrom orthu agus brúdh chun an imeall iad -> Bhí teacht aniar fíochmhar acu le blianta beaga anuas -> Tá siad fós faoi bhrú ó neamhaird agus faillí ón rialtas agus ón bpobal mór.
Ag ócaid bhronnta na nGradam Gnó Dé Céadaoin seo caite, labhair Aodhán Mac Cormaic ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoi thábhacht “éiceachóras na Gaeilge”. Cosúil le fíor-éiceachóras, bíonn sé folláin nuair a thacaíonn baill den phobal lena chéile agus nuair a thugtar go leor deiseanna agus spáis dóibh teacht i mbláth. ‘Beatha teanga í a labhairt’, agus is mór an t-údar bróid é don IWDG ár gcuid saineolais faoina hainmhithe is ansa linn a thabhairt isteach sa chomhrá. Níor chuala tú riamh “dead species, ní fiú iad a chosaint” – cén fáth nach bhfuil an meon céanna againn dár dteanga dúchais, atá beo beathach fós sna Gaeltachtaí agus áiteanna eile ar fud na tíre?
Ní leis an oifig i gCill Rois amháin atá na boinn dheasa, ildaite seo – gnóthaíodh iad thar na blianta ag daoine díograiseacha. Fir agus mná a chonaic agus chothaigh an nasc idir na haimhithe fíoráille seo agus teanga ár sinsear a chomórann iad agus an dúlra thart timpeall orthu. Go formhór i measc na ndaoine seo, bhí an chéad oifigeach Gaeilge don Ghrúpa, Pádraic de Bhaldraithe. D’imigh Pádraic dil ar shlí na fírinne i samhradh 2024 ach bhí sé ann agus ar fónamh ó tháinig an IWDG ar an bhfód in 1991. Eisean a rinne gach aistriúchán, nach mór, ar ár suíomh gréasáin agus ár gcuid ábhar litríochta, obair a ghnóthaigh bonn óir dúinn sna gradaim i mbliana.
Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil freisin le Agatha Hurst, ball den IWDG atá lonnaithe i mBéal an Mhuirthead, Maigh Eo. Cloistear í go minic ar Raidió na Gaeltachta ag labhairt faoi dheilfeanna agus conas teacht i gcabhair orthu nuair a thagann siad i dtír. Ní hamháin seo, ach déanann sí ceardlanna trí mheán na Gaeilge ar son an Ghrúpa sna scoileanna áitiúla i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is léise na boinn seo, chomh maith le gach aon duine sa Ghrúpa a chuireann cás na míolta móra agus deilfeanna chun cinn trí Ghaeilge.
Ar deireadh, tá údar an ailt seo, Cian Ó Nialáin, a bhfuil an t-ádh dearg air tacú le dhá éiceachóras san aon am amháin! Is mise an tOifigeach Gaeilge nua le IWDG agus bhí mé ‘ar mhuin na muice mara’ ag glacadh leis an bplaic úd ar stáitse Theach an Ardmhéara. Chuir an ócáid seo an-dóchas ionam faoi thodhchaí na Gaeilge agus athcheangal mhuintir na hÉireann lena n-oidhreacht nádúrtha. Tá borradh ag teacht ar spéis sa teanga agus sa chomhshaol araon i measc na sochaí, agus tá grúpaí foirmeáilte agus neamhfhoirmeáilte bailithe le chéile cheana féin chun tacú leis an timpeallacht i dteanga dhúchais na tíre seo.
Má tá spéis ag an bpobal riamh foghlaim faoi chéiticigh (míolta móra, deilfeanna & muca mara), a n-éiceolaíocht, na bagairtí atá rompu nó obair an IWDG chun dul i ngleic leis na bagairtí sin, ná bíodh drogall oraibh teacht i dteagmháil linn. Seol ríomhphost chuig irishlanguage@iwdg.ie agus déanfaimid rud éigin a shocrú!
Mise le meas,
Cian Ó Nialáin
Oideachas ⁊ For-rochtain le IWDG
