Slad Bliantúil na nDeilfeanna Coiteanna ar Chósta na hÉireann

Gach bliain ó 2011 i leith, tá líon mór míolta móra, deilfeanna agus muc mara tagtha i dtír ar
chósta na hÉireann. Tá líon an-ard i gceist agus níos mó ná dhá oiread is a bhíodh ag teacht i
dtír an t-am seo deich mbliana ó shin. Tá an chuma air, faraor, nach bhfuil aon fheabhas ag
teacht ar chúrsaí agus tá an rud céanna á rá againn gach bliain agus den chuid is mó is léir gur
cuma le daoine faoi.
Tugtar níos mó airde ar mhíol mór amháin breoite agus triomaithe ar thrá ná a thugtar ar 50
deilf marbh – agus is beag nach bhfuil an uimhir sin sroichte cheana.
Nílimid ach ag an 9ú Feabhra agus go dtí seo tá 43 ainmhí triomaithe taifeadta, an líon is mó
riamh. Is iad na blianta 2018, 2017 agus 2019 (san ord sin) na blianta a bhfacthas an líon is
mó ainmhithe triomaithe in Éirinn.

Is é líon na ndeilfeanna coiteanna an chúis is mó leis an líon mór a tháinig i dtír i mí Eanáir
agus Feabhra den chuid is mó. Mar shampla, roimh 2011 bhíodh thart ar 30 deilf choiteann ag
teacht i dtír in aghaidh na bliana. Sna blianta beaga atá caite tá an figiúr sin ardaithe go dtí
110! Meastar, bunaithe ar thaighde a rinneadh sa Fhrainc, nach dtagann ach 10% de na
hainmhithe a fhaigheann bás ar an bhfarraige i dtír. Dá bhrí sin, ní thaifeadtar ach 10% agus
d’fhéadfadh sé go seasann an 110 ainmhí sin do thart ar 1000 ainmhí beo.

Tá 20 deilf choiteann tagtha i dtír cheana in 2020 agus is drochscéal a bhíonn ann don chineál
sin i mí Feabhra, mar sin ní fios céard a tharlóidh sna seachtainí amach romhainn.

Deilf choiteann agus cuid dá eite bhrollaigh agus dá eireaball gearrtha de, Garraí Bhoithe, Co.Chorcaí, 8 Feabhra 2020. Amanda Whyler

Agus gnáthchomharthaí na haisghabhála i líonta iascaigh á dtaispeáint ar na deilfeanna
marbha (soic bhriste, eití gearrtha, etc.) is cúis spéise a thabhairt faoi deara gur i gCorcaigh
agus i gCiarraí is mó atá na hainmhithe á dtriomú. Má fhéachtar ar an gcóras aimsithe soithí
(AIS) feictear gur amach ón gcósta thiar theas is mó a bhfuil iascach ar siúl ann faoi láthair,
agus ní soithí na hÉireann ach soithí na Fraince, na Spáinne agus na hOllainne is mó atá ann.

Deárfadh úinéirí na soithí sin nach bhfuil aon fhadhb ann maidir le seachghabháil deilfeanna,
agus go deimhin, is beag an líon deilfeanna más ann ar chor ar bith iad atá á dtaifeadadh ag
breathnóirí a bhíonn ar chéatadán de na soithí. Ach tá scéal éagsúil á insint ar ár dtránna –
mar shampla, 3 dheilf mharbha ar Thrá Dhoire Fhionnáin i gContae Chiarraí in aon seachtain
amháin, nach beag, agus ba chinn óga a bhí in dá cheann ar a laghad díobh. Thaispeáin
scrúduithe iarbháis ar dheilfeanna coiteanna i Maigh Eo in 2014 go raibh ceangal acu le
seachghabháil, agus tharla go raibh bolmáin i mboilg chuid de na deilfeanna, tugtar le tuiscint
go raibh baint acu leis an iascach sin.

Tá cor nua sa scéal seo in 2020, mar chomh maith le deilfeanna coiteanna marbha ag teacht i
dtír, tá líon neamhchoitianta deilfeanna ag teacht i dtír beo, san iardheiceart arís. Tháinig deilf choiteann amháin i dtír beo ag Com Dhíneol i gCo. Chiarraí ar an 31 Nollaig, cúig cinn sa
Chlochán, Co. Chiarraí ar an 2 Feabhra, péire i bhFionntrá, Co. Chiarraí ar an 7 Feabhra, aon
cheann déag sa Chlochán (arís) ar an 7 Feabhra agus péire i gCuan Ard na Caithne, Co.
Chiarraí ar an 8 Feabhra. Le blianta beaga anuas, chuir Foras na Mara agus SPNF maoiniú ar
fáil chun scéim neacróipse a chur ar bun chun staidéar a dhéanamh ar chúiseanna báis i
ndeilfeanna coiteanna, deilfeanna stríocacha agus muca mara. Tháinig deireadh leis an scéim
sin i mí na Nollag 2019, dá bhrí sin níl aon scrúdú iarbháis á dhéanamh ar ainmhithe. Tar éis
deich mbliana, tá an chuma anois air gur ‘gnáth-tharlú’ do-ghlactha atá sa líon deilfeanna atá
ag teacht i dtír, cé gur ceapadh ag an am gur méadú tobann neamhchoitianta a bhí ann, agus
de réir na bhfigiúr don chéad chúig seachtaine den bhliain, d’fhéadfadh cúrsaí a bheith ag dul
in olcas.

Mick O’Connell,

IWDG Strandings Officer