Déan iniúchadh ar éagsúlacht shaibhir an bheathra in Éirinn an Bhealtaine seo le raon leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí don chlann uile.
“Bí linn i mbliana inár 10ú comórtas bliantúil Grianghrafadóir Bithéagsúlachta na Bliana, deireadh seachtaine Bioblitz agus Tóraíocht Taisce agus imeachtaí laethúla a bhaineann le gach gné den fhiadhúlra in Éirinn! Beidh imeachtaí ar siúl do dhaoine i láthair agus go fíorúil araon, mar sin is féidir le gach duine a bheith páirteach.”

5 whale watch sites, Sat. 21st May
Chun Seachtain na Bithéagsúlachta a cheiliúradh agus chun taifeadadh bitheolaíochta na gcéiticeach agus na liamhán gréine in uiscí na hÉireann a chur chun cinn, beidh an IWDG ag reáchtáil sraith faire treoraithe míolta móra ón talamh Dé Sathairn 21 Bealtaine idir 10:00 a.m. agus 12:00 (féach ar na láithreacha ar an mapa). Beidh na himeachtaí sin saor in aisce agus faoi cheannas pearsana an IWDG a bhfuil taithí acu agus a bheidh i láthair chun tú a chur ar an eolas maidir leis na scileanna a theastaíonn amuigh faoin aer chun na speicis míolta agus deilfeana is minice in uiscí na hÉireann a aimsiú, a shainaithint agus a thaifeadadh. Níl aon ghá áirithint a dhéanamh; níl le déanamh agat ach teacht ar maidin le do chóras optaice, le fonn eachtraíochta agus le d’fhéithe ghrinn!
Ba cheart duit teacht chuig do láthair chruinnithe in am (09:50am), lena chinntiú nach gcaillfidh tú an fáiltiú, an réamhrá agus an seisiún eolais sábháilteachta. Tharla go dteastaíonn aimsir réasúnta, beidh sé de chead ag ceannairí faire an fhaire áitiúil a chur ar ceal i gcás gaoithe láidire agus/nó báistí, mar sin molaimid súil a choimeád ar thuar na haimsire áitiúla, ón Déardaoin 19ú ar aghaidh, agus má bhíonn amhras ar bith ort, déan teagmháil le do cheannaire faire an lá roimh an eachtra, chun turas in aisce a sheachaint. É sin ráite, is féidir brath ar an aimsir an t-am sin den bhliain!
Ba cheart duit a bheith feistithe go cuí i gcomhair aimsir an lae. Molaimid éadach teolaí agus uiscedhíonach agus bróga láidre má bhíonn an aimsir idir dhá cheann na meá. Má bhíonn an aimsir socair ansin, ar ndóigh, ba cheart duit grianbhac agus hata gréine a chur ort féin. Molaimid roinnt leachta chun uisce a choinneáil sa chorp. Is fút féin a shocrú cad iad na sóláistí a bheidh uait, ach ní mhairfidh an t-imeacht ach 2 uair an chloig. Ná déan dearmad do chuid bruscair a thabhairt leat, mar tá na láithreacha sin álainn agus saibhir sa bhithéagsúlacht. Is fearr do chuid peataí a fhágáil sa bhaile.
Tá feistí optaice tábhachtach le haghaidh na faire ón talalmh agus ba cheart ar a laghad péire déshúileach a thabhairt leat a bhfuil cleachtadh agat orthu, agus níos fearr fós scóp aimsithe fiadhúlra má tá a leithéid agat. Is rud breise roghnaíoch atá sa cheamara le lionsa zúmála, sa chás go dtagann ainmhithe gar don chladach. Beidh ábhar oideachasúil le dáileadh ag ceannairí faire agus beidh píosaí spéisiúla d’ainmhithe le taispeáint ag cuid díobh ar an lá. Beidh roinnt acmhainní de chuid an IWDG agus treoraithe póca allamuigh ar díol do dhuine ar bith ar mhaith leis/léi tacú lenár gcarthanas agus tuilleadh a fhoghlaim faoinár scéimeanna taifeadta.
Liosta iomlán de na himeachtaí thíos agus iarraimid ort dul i dteagmháil go díreach le do cheannaire faire má bhíonn aon cheist ar leith agat maidir le d’imeacht áitiúil.
- • Ceann Léime, Co.an Chláir, cruinniú ag an Teach Solais, ceannaire Mags Daly, Fón 083 8401102, r-phost: mags.daly@iwdg.ie
- • Dún na mBó, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, ceannaire Sean Pierce, Fón. 086 8368736, r-phost: pierceboystp@gmail.com
- • Reachlainn, Co. Aontroma, cruinniú ag an Teach Solais Thiar, ceannaire Pádraig Whooley, Fón. 086 3850568, r-phost: padraig.whooley@iwdg.ie
- • Binn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliathn, cruinniú ag Carrchlós Bhaile Scadán, siopa beag (mol Bhinn Éadair), ceannaire Dave O’Connor, Fón. 087 6665049, r-phost: dave@wolfhoundtours.com
- • Cloghna Head, Iarthar Chorcaí, cruinniú ag @ carrchlós Radharc Cheann Dhún dTéide, ceannaire Denis O’ Regan, Fón 083 3369775, r-phost: watch@denis.co
Táimid ag súil le bualadh leat maidin Dé Sathairn, 21 Bealtaine, ……ach an lá a bheith in araíocht!
Ceisteanna ginearálta nó ceisteanna ó na meáin chuig Oifigeach Faire an IWDG, r-phost: padraig.whooley@iwdg.ie or Ph. 086 3850568

Fairtheoirí míolta móra ag Cloghna Hd (Ionad Amhairc Cheann Dhún dTéide) Co. Chorcaí, ceann de na 5 láthair roghnaithe don Satharn seo chugainn.