Tá áthas ar Ghrúpa Faire na Míolta Móra agus na nDeilfeanna (IWDG) ár nAip Tuairiscithe i gcomhair gléasanna móibíleacha a fhógairt.

Tá áthas ar Ghrúpa Faire na Míolta Móra agus na nDeilfeanna (IWDG) ár nAip Tuairiscithe i gcomhair gléasanna móibíleacha a fhógairt. Tar éis don IWDG a bheith i mbun deartha, feidhmithe agus tástála gan staon ar feadh bliana beidh an uirlis taifeadta bhitheolaíochta chumhachtach sin á seoladh ar an 22 Bealtaine chun teacht le Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta. Beidh Aip Tuairiscithe an IWDG, a d’fhorbair Compass Informatics agus a fuair maoiniú ó LEADER trí Chuideachta Forbartha Áitiúil an Chláir (CLDC) ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar an Aipmhargadh (iPhone) agus ar an margadh Google Play (Android).

 

 Dearadh an Aip ionas go bhféadfadh raon leathan eolaithe saoránaigh í a úsáid, taighdeoirí, bádóirí, díograiseoirí fiadhúlra agus lucht faire míolta móra ina measc. Cuirfidh sí feabhas ar thuairisciú na míolta móra, na ndeilfeanna agus na muc mara in uiscí na hÉireann tríd an tuairisceoir a threorú go loighciúil tríd na céimeanna riachtanacha chun amhairc (fhánacha agus shocraithe) agus triomuithe (beo agus marbha) a thuairisciú

“Observations of wildlife from the general public can make a valuable contribution to better understanding Ireland’s biodiversity, particularly for the marine environment where there is yet so much to learn about species and their distribution. Where this information is collected to a standard format and validated to ensure its accuracy it can be a powerful tool for citizen engagement and contributing to tracking change in marine biodiversity” Dr Liam Lysaght, Stiúrthóir an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

 

Vivienne Kelly of Compass Informatics highlighted that “the design and development of the IWDG mobile app, demonstrates a reliable way to provide amateur and expert recorders with the tools to capture and share important data on whales, dolphins, porpoises, and basking sharks in Irish waters”.

 

Tá Aip Tuairiscithe an IWDG dírithe go sonrach ar thaifeadadh míolta móra, deilfeanna agus muc mara agus is féidir í a úsáid chomh maith chun amhairc ar liamháin ghréine a thaifeadadh. Cinntítear go ndéantar bailíochtú dian ar na sonraí leis an eolas a bhailítear ar Aip Tuairiscithe an IWDG, rud atá riachtanach má bhíonn sé i gceist go gcuirfidh na taifid sin go mór le luach caomhnaithe gach aon taifead a thuairiscítear. Chomh maith leis sin beidh tú ag cur leis an tacar sonraí míolta móra agus deilfeanna is faide agus is leanúnaí in Éirinn trí úsáid a bhaint as Aip Tuairiscithe an IWDG, grúpa atá chun tosaigh i dtaighde agus i gcaomhnú míolta móra agus deilfeanna in Éirinn le 30 bliain anuas.

 

Dúirt an Dr. Simon Berrow, POF an IWDG “Reliable sighting and stranding records are essential to develop conservation actions and policies, support marine tourism and enables the people in Ireland to experience some of the most amazing animals living in our waters”

 

Déanann an Aip nasc leis an suíomh gréasáin iwdg.ie a cheadaíonn brabhsáil shaoráideach ar thacair sonraí amharc agus triomuithe an IWDG mar aon le mapáil ar líne. Cuirtear obair an IWDG i láthair ar an suíomh gréasáin bainteach agus taispeántar conas is féidir leat a bheith gníomhach trí chur lenár scéimeanna taifeadta, trí thacú le hobair ár gcarthanais agus trí bhallraíocht a ghlacadh san IWDG.
Bain taitneamh as agus bí ag tuairisciú!
Ón bhfoireann uile san IWDG


● Fiosruithe chuig enquiries@iwdg.ie
● Oifigeach Amharc:  Pádraig Whooley sightings@iwdg.ie
● Oifigeach Triomuithe: Stephanie Levesque strandings@iwdg.ie