Ní mór dúinn ár dtuiscint ar an tslí a mbaineann míolta móra, amhail na míolta móra dronnacha, leas as uiscí na hÉireann a athbhreithniú; is ábhar faoisimh dúinn é agus meabhraíonn sé dúinn nach bhfanann rud ar bith gan athrú agus is mar an gcéanna don dúlra é, agus ní túisce an síorathrú ná an chíor thuathail. Mar sin, nuair a bhíonn rabharta tuairiscí ar mhíolta móra dronnacha san Iarthuaisceart mar a tharla an tseachtain seo caite i gCuan an Inbhir i Maigh Eo ardaítear an cheist an mbíonn easpa míolta móra i gceantair eile?
Le linn na ndeich mbliana idir 2001 agus 2010 ba é cósta Chorcaí agus go háirithe cósta iarthar Chorcaí an t-aon áit amháin a d’fheictí míolta móra dronnacha go rialta. Ach, ar ndóigh, ba léiriú a bhí ansin ar an iarracht a bhíodh á déanamh ag breathnóirí áitiúla mar bhí an iarracht fairtheoireachta ba mhó á déanamh ó bháid agus ón talamh i gCorcaigh; mar a deir an mana “dá mhéad faire a dhéanaimid, is mó a fheicimid”.
Tábla 1.
Mar sin, le linn na ndeich mbliana tosaigh de Thionscadal na Míolta Móra de chuid an IWDG (a dtugtar Whale Track anois air) bhí cosán dearg á dhéanamh ag taighdeoirí, lucht déanta scannán, baill an IWDG agus díograiseoirí míolta móra go dtí Contae na Reibiliúnach. In ainneoin sin, taispeántar go raibh blianta an-chiúin ann (féach Tábla 1). Go deimhin, sa dá bhliain déag idir 2000 agus 2011, bhí trí bliana ann gan oiread is taifead amhaín deimhnithe ar amharc ar an míol mór dronnach (2000, 2006 & 2011). Ach thabharfaí maithiúnas duit as dearmad a dhéanamh air sin, rud a bhí déanta agamsa mar go mbíonn ár gcuimhne roghnaitheach; chomh maith leis sin ní raibh duine ar bith as iarthar Chorcaí róbhuartha mar bunaíodh a cháil dhomhanda mar cheantar faire míolta móra ar an droimeiteach maorga agus ní ar an míol mór dronnach.
Sna 10 mbliana tosaigh sin ní raibh aon taifead ar na hamhairc ar an míol mór dronnach in 50% de na blianta i gCo. Ciarraí. In am agus i dráth, d’athraigh cúrsaí agus aistríodh an cúram taifeadta ó Mick O’Connell chuig Nick Massett, agus chuir seisean bonn maith ar choincheap na faire tiomnaithe. Faoin mbliain 2012, bhí sé de dhánaíocht ag muintir Chiarraí dúshlán tosaíochta Chorcaí a thabhairt agus sa dara deich mbliana taispeánadh athrú soiléir i sonraí na míolta móra dronnacha i dtreo na Ríochta; rinne an IWDG deimhniú ar thaifid amhairc ar na míolta móra dronnacha i gCiarraí in 8 mbliana as na 10 gcinn.
Bhí sé soiléir go raibh na míolta móra dronnacha ag bogadh ar aghaidh agus ní raibh siad ina n-aonar. Thuigfí ón gclaonadh sna hamhairc thar an tréimhse chéanna (2000-2021) go raibh laghdú de réir a chéile i ngníomhaíocht na ndroimeiteach i gCo. Chorcaí agus go raibh baint aige sin le méadú ar na hamhairc amach ó chósta Phort Láirge. Ach is comparáid gharbh atá ansin mar nach n-insíonn sí dada i dtaobh méid na ráthanna. Mar sin, tugtar an suntas céanna d’amharc ar dhroimeiteach amháin le hamharc ar 20 droimeiteach, agus is fada ó chonaiceamar aon rud mar sin in iarthar Chorcaí. Is maith is cuimhne le cuid mhaith dínn na laethanta sin i ndeireadh an fhómhair ar bord an Holly Jo in 2004 agus 2005 nuair a bhuaileamar le cruinnithe millteanach de 40+ droimeiteach á mbeathú féin Is deacair a shamhlú go bhfeicfear a leithéid arís go luath, tharla an brú mór ó bháid iascaigh ar an stoc éisc atá fanta , ‘sé sin ar na stuifíní.
Mar sin, agus an IWDG ag druidim le tríocha bliain ag déanamh monatóireachta ar ghluaiseacht na míolta móra ar chósta na hÉireann, ní fios cén ceantar is mó a mbeidh na míolta móra ann i gceann deich mbliana eile. ‘Sé mo thuairim, agus tá súil agam go bhfuilim mícheart ina thaobh seo, go bhfuil deireadh tagtha le cuid mhaith de ghníomhaíocht na ndroimeiteach ar chósta iarthar Chorcaí, agus go bhfuil limistéar beathaithe aimsithe ag na míolta móra dronnacha i gCuan an Daingin; tá fianaise ann go bhfuil siad ar thóir bia níos faide ó thuaidh ar an gcósta thuaidh bliain i ndiaidh bliana. Mar sin, ní haon iontas é nach bhfuil ach dhá mhíol mhóra dhronnacha sa bhreis (#HBIRL117 & 118 ) curtha le bunachar na míolta; is i gcuan Dhún na nGall agus i gCuan an Inbhir i gcontaetha Dhún na nGall agus Mhaigh Eo a taifeadadh iad sin.
Tá díomá orm, ar ndóigh, tharla gur in iarthar Chorcaí a mbím ag faire ar mhíolta móra. É sin ráite agam mar Oifigeach Faire san IWDG, tá sceitimíni orm faoin bhféidearthacht a bhaineann le lorg na mamach mara móra a leanúint agus monatóireacht a dhéanamh orthu i mbráiti nua ar an gcósta thiar, áit a bhfuil éisc foráiste fós le fáil i méideanna atá sách mór leis na míolta móra a mhealladh. Tá sé a rá againn le blianta nach dtiocfaidh míolta móra ar ais chuig bráite seasc. Tá roghanna acu agus tá an chuma air go bhfuil cuid díobh ar a laghad á bhfiosrú.
Tá sé suimiúil, agus b’fhéidir gur comhtharlú a bhí ann, agus mé ag scrolláil síos ar an liosta de 1,360 amharc deimhnithe ar liosta na míolta móra dronnacha ar bhunachar an IWDG, go ndírítear mo shúil ar an gcéad taifead ó Kieran Grace (Cairde Éanlaith Éireann) de dhá mhíol mhóra dhronnacha siar ó Inis Gé Theas, Co. Mhaigh Eo ar an 22 Bealtaine 1984. B’fhéidir gurbh iad an péire seo fíor-cheannródaithe an chósta thiar agus go bhfuil siad tagtha ar ais chun a gcuid féin a éileamh.
Le Pádraig Whooley
Oifigeach Amhairc IWDG